Próiseas na síochána fós idir dhá cheann na meá – an tAthair Devine
Tá sagart Éireannach a chabhraigh le foréigean forleathan a chosc sa Chéinia i rith caismirt eiteach tar éis a mhíniú go bhfuil próiseas na síochána fós idir dhá cheann na meá.
Labhair an tAthair Patrick Devine, as Contae Ros Comáin ó dhúchas, le Seachtain ó phríomhchathair na tíre, Nairobi.
Stiúrann an sagart Lárionad Shalom, ionad ilchreidmheach sa phríomhchathair óna gcomhordaítear iarrachtaí síochána i naoi gceantar tuaithe ina bhfuil aighneas fós.
I mbaile beag bídeach Tuum, atá i gcontae Samburu i dtuaisceart na tíre, tá páistí iarthrodaithe ag dul ar scoil le chéile den chéad uair mar gheall ar an tionscnamh.
Trí mhaoiniú ó dheontóirí príobháideacha in Éirinn agus ó Rialtas na hÉireann trí Chúnamh Éireann, a thugann faoi fhorbairt thar lear, tá an t-ionad atá á stiúradh ag Éireannaigh tar éis 120 scoil idir-eitneach a leathnú nó a thógáil ar fud na mílte ciliméadar faoin tuath sa Chéinia.
Tá an tAth. Devine agus na sagairt SMA eile tar éis 5,000 ceannaire pobail agus seanóir baile a chur faoi oiliúint ionas gur féidir leo aighnis faoi thalamh agus eallaigh, a bhíonn ag dul siar na cianta go minic, a réiteach.
“Tá go leor eagraíochtaí tar éis obair den scoth a dhéanamh ag freagairt do chomharthaí na caismirte sa Chéinia le cúpla scór bliain anuas,” a dúirt an tAth. Devine.
“Ach theastaigh uainn bun agus barr na gcaismirtí a thuiscint, breathnú ar céard is cúis leo ó thús agus ceannairí áitiúla pobail a chur faoi oiliúint ionas gur féidir leo ní hamháin caismirtí a réiteach ach cinn nua a chosc freisin.
“Tá go leor aighnis i réigiúin teorainn
faoin tuath ina gcuireann an saol fánaíochta go mór le teannas idir treibheanna agus ina dtosaíonn aighneas mar gheall ar thalamh agus ainmhithe.
“Theastaigh uainn deireadh a chur le timthriall an fhoréigin agus fréamhacha nua a chur, ina mbeadh muintir na háite ag tabhairt faoin gceannaireacht agus páistí ó threibheanna a bhíonn i mbun iomaíochta anois ar scoil le chéile.
“Bhí torthaí iontacha ar an obair go dtí seo ach tá a fhios againn go gcaithfimid leanúint ar aghaidh ag obair leis agus an clár a leathnú le go mbeidh níos mó agus níos mó daoine ann.”
Ach dúirt an tAth. Patrick mar rabhadh: “Tá an tsíocháin agus cobhsaíocht i mbaol fós in go leor ceantar
ar fud na Céinia agus an tír fós ag cneasú i ndiaidh Olltoghcháin 2017.
“Tagann an pholaitíocht agus an vótáil sa Chéinia leis an dinimic agus leas eitneach a bheag nó a mhór. Chonacthas freisin go raibh deis ag an uasaicme smacht ar chumhacht pholaitiúil a úsáid chun bloic eitneacha a bhuachan agus deiseanna saibhris agus geilleagracha a rialú. Is annamh a tharlaíonn polaitíocht bunaithe ar cheisteanna áirithe agus toghchánaíocht, an pholaitíocht féiniúlachta a bhíonn go mór i réim.”
Deir an sagart – a bhuaigh gradaim idirnáisiúnta shíochána as a chuid oibre – go bhfuil réiteach coinbhleachta ag croílár a shaoil agus a chuid oibre anois.
“Sin an chúis a n-éirím ar maidin,” a dúirt sé mar fhocal scoir, “is breá liom é.”