Irish Independent - Seachtain

Is dóigh liom gurb é an sos seo ón obair an bronntanas is fearr!

- DÁITHÍ ÓSÉ

Má tá an Nollaig le brath in aon áit, tá sé againne i mbliana. Gan dabht deireann gach éinne an rud céanna agus is mar sin a bhíonn. Tá oll-phictiúr na Nollag ann agus ansin tá an fhíor-Nollaig ann.

Bhíos sa Ghaillimh Dé Sathairn agus na sluaite ann agus bhí an t-oll-phictiúr seo go hálainn ach níos tábhachtaí ná sin domsa bhí an leaid óg a bhí liom lán le ceol agus na súile ar oscailt le gliondar na Nollag agus ba chosúil go raibh mórán eile mar sin.

Ní cuimhin liom é a bheith mar seo le fada an lá, ó bhíos im’ leaid óg déanta na fírinne. Is minic a dúradh go ndéanann leanaí an Nollaig agus is dóigh liom go bhfuil ana-chuid don gceart ann.

Thánamar abhaile an tráthnóna sin agus bhí jab mór le déanamh. Bhí litir le scríobh go dtí an fear mór. Liosta cuíosach fada atá ann.

Rothar beag, déantóir uachtar reoite de shórt éigin agus rud éigin a bhaineann le ‘Paw Patrol’, tá’s aige Saintí cad atá i gceist aige! Agus bronntanas éigin a dúirt sé do leanbh bocht nach bhfuil aon airgead aige.

Ní raibh a fhios agam cad as a dtáinig sé seo, ach mheabhraig­h sé dom go rabhamar ag féachaint ar an dteilifís lá amháin agus bhí na leanaí bochta seo ann, timpeall aimsir an Ghorta agus bhíos ag míniú dó go raibh agus go bhfuil fós leanaí óga ann nach bhfuil mórán acu

Chuir sé tocht bróid im’ scornach nuair a tháinig sé amach leis seo. Dúirt leis go mbeadh Saintí ana-shásta leis tar éis an méid seo a rá!

Nuair a bhíos fhéin óg agus Saintí ag teacht chugam is cuimhin liom ná raibh faic sa cheann againn ach bronntanai­s a fháil.

Nuair a bhíonn tú níos sine níl faic uait ach do chairde agus dul amach. Leanann an chuid seo píosa fada, bhuel dhein domsa pé scéal é!

Ach nuair a bhíonn tú id’ thuismithe­oir níl faic uait ach go mbeadh gach éinne eile sásta agus níos tábhachtaí fós, sláintiúil! Uaireanta bíonn tú chomh dírithe ar gach éinne eile go ndéanann tú dearúd ort fhéin agus ní maith an rud é sin.

Mar sin dom fhéin mar bhronntana­s níor ghlacas le haon obair le linn na saoire seo.

Is maith liom a bheith ag obair agus ní ghlacaim sos mar seo ró-mhinic, ach is dóigh liom gurb é seo an bronntanas is fearr a thugas dom fhéin riamh! Níl a fhios agam an mbeidh an rud céanna á rá ag an gcuid eile!!

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland