BUAICPHOINTE NA SEACHTAINE
Bhí a fhios againn ar fad go dtarlódh sé luath nó mall. Ach fós féin, nuair a tharla sé, baineadh stangadh asainn mar gheall ar an luas mór a bhí leis.
Bhí José Mourinho in ainm a bheith difriúil; The Special One mar a tugadh air.
Bhí seisean in ainm an fhoireann a thabhairt ar ais ar an mbóthar ceart i ndiaidh réimeas tubaisteach David Moyes, agus réimeas anaithnid Louis van Gaal – an dóchas mór don chlub mór nár tháinig ar ais chucu féin i gceart riamh ó d’fhág Alex Ferguson mór.
Ach ní mar a shíltear a bhítear. Ní bhaineann sé leis na torthaí – cé nach gcabhródh an áit a bhfuil siad i lár an tábla ná an cluiche a chaill siad 3-1 in aghaidh Learphoill ag an deireadh seachtaine.
Ar deireadh, bhain sé le luachanna. Níor tógadh Manchain Aontaithe ar thorthaí, ach ar shraith prionsabail treorach. Bhí siad bunaithe ar chaighdeáin den scoth, buachan an bealach ceart, peil nuálach agus dhearfadh agus – níos tábhachtaí fós – ag iarraidh a bheith ag feabhsú agus ag forbairt i gcónaí.
Cheapfá seans go bhfuil sé sin uaillmhianach nó ardnósach fiú, ach sin a spreag glúin i ndiaidh glúine d’imreoirí chun éachtaí ollmhóra a bhaint amach.
Níl gá ach breathnú go tapa ar an seomra feistis reatha don chruthúnas – má theastaíonn sé ar chor ar bith – nár éirigh le José na luachanna sin a bhaint amach.
Agus i Manchain Aontaithe, níl peaca níos mó ná sin ann.