FOCLÓIRÍN

Irish Independent - Seachtain - - Nuacht - bearránach: annoying táinseamh: impeach trí thine: on fire LE CHRIS GREENE

DEA-SHEACHTAIN: DAOINE A CHUIREANN TÉACSANNA

Níl aon rud cinnte ach bás agus bailiú cánacha. Duine éigin níos cliste ná mé féin a dúirt é sin ach sa chás seo ceapaim go mbeadh an cháin seo ina cúis le réabhlóid Mheiriceánach eile.

Bhí sé beartaithe ag stát California i Stáit Aontaithe Mheiriceá cáin a chur ar theachtaireachtaí téacs chun airgead a bhailiú le haghaidh bonneagar breise teileachumarsáide. Baineadh geit asam nuair a léigh mé é seo.

Ní mar go gcuireann mé a lán téacsanna, níl mórán cairde agam, ach mar gheall go ndéanaim an rud uafásach bearránach sin a chuireann gach abairt i dtéacs nua. Bheadh scaradh sóisialta nua ann.

An slua a chuireann gnáth-théacsanna agus an 1% a sheolann iad abairt i ndiaidh abairte, agus is iad an mionlach beag a bheadh ag íoc na cánach ar fad. B’fhéidir nach raibh sa gcáin seo ach iarracht a dhéanamh chun cosc a chur ar an nós tubaisteach sin.

DROCHSHEACHTAIN: DONALD TRUMP

Glacaim leis gur maolú é drochsheachtain a rá sa gcomhthéacs seo, an ráiteas is cruinne ná droch-dhá bhliain, ach leanfaimid orainn ar aon nós. Foilsíodh an corrlach an tseachtain seo caite a bhaineann le táinseamh uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá agus toisc gur gearradh téarma príosúin trí bliana ar a iar-dhlíodóir Michael Cohen, níl cuma mhaith ar chúrsaí le haghaidh Trump s’againne.

Dar le oddschecker.com, suíomh a dhéanann comhiomlán den chorrlach ar roinnt láithreáin ghealltóireachta, tá an seans ag méadu lá i ndiaidh lae go dtarlóidh an táinseamh.

Tá mé ag dul i ngleic leis seo ar nós an Grand National: ní thuigim an difríocht idir corrlach beag, corrlach trom ná in éadan ná in aghaidh, ach táim fos chun geall a chur ar aon nós, ach sa chás seo is é Trump an marcach, is é Meiriceá an capall agus táim ag cuartú an chorrlaigh go mbeidh siad trí thine i lár an chúrsa. 6/4 i láthair na huaire.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.