Irish Independent - Seachtain

Oíche Nollag

-

Bhí mo chroí i mo bhéal agus mé ag fanacht ar mheánlae.

Oíche Nollag a bhí ann! Bhí orainn na seomraí ranga a ghlanadh ó bhun go barr ar maidin agus ansin suí sa halla do sheirbhís charúl. Bhí mé sa chór sóisearach agus bhain mé an-sult as na carúil a chanadh le mo chuid cairde.

Ag meánlae, scaoil an príomhoide linn agus bhí cead againn imeacht. Saor ón scoil ar feadh coicíse! Nach orainn a bhí an t-ádh! Rith mé féin agus mo chara, Síle, go stad an bhus. Bhí deifir ollmhór orainn mar bhí ár gcuid bronntanas Nollag le ceannach againn fós. Ar a haon a chlog, bhí an chathair dubh le daoine. Ba léir go raibh an plean céanna ag gach duine eile, iad ag ceannach bronntanas go déanach. Bhí an t-atmaisféar sa chathair go hálainn, soilse ag

lonrú agus carúil á gcanadh ar an tsráid. Bhí na siopaí plódaithe ach bhí mé féin agus Síle docht daingean de go mbeadh ár gcuid gnó déanta roimh a cúig a chlog. Fuair mé cumhrán deas do mo mháthair, stocaí do mo dhaid agus carr beag do mo dheartháir. Bhí an-sceitimíní orm mo chuid éadaí Nollag a cheannach. Thug mo mháthair céad euro dom agus fuair mé sciorta álainn agus geansaí gleoite in Topshop. Ba dheacair dúinn filleadh abhaile mar bhí na busanna lán go béal ach ar deireadh, d’éirigh linn! Bhí mé réidh le mo chuid bronntanas a fhilleadh agus dul ar Aifreann déanach le mo theaghlach.

1. Aimsigh leagan éagsúil ar gach ceann de na nathanna atá i gcló trom. Anois cuir in abairtí de do chuid féin iad.

2. Déan plé le do chara ar na nósanna Nollag a bhíonn i do scoil féin.

3. An ndéanann tú siopadóire­acht na Nollag? An maith leat á déanamh?

4. An gceannaíon­n do thuismithe­oirí éadaí na Nollag duit?

Pléigh an t-ábhar sin le do chara.

5. Breac síos cúig fhocal nua a d’fhoghlaim tú ón sliocht seo.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland