Sraith Pictiúr 4
Pictiúr 1
Dé Domhnaigh a bhí ann agus bhí Laoise agus Liam sa chathair ag déanamh siopadóireachta. Bhí an Nollaig ag teannadh leo agus bhí siad ag lorg bronntanais dá mac Pól. Bhí sé tar éis a bheith ag caint ar raidió nua a fháil dá sheomra leapa. Chonaic siad raidió álainn ar 80 euro i Siopa Uí Mhurchú. Bhí siad an-sásta leis agus bheartaigh siad dul isteach chun é a cheannach.
Pictiúr 2
Go tobann, rith cailín gleoite álainn beag chucu. Bhí sí ag gol go pras agus ag screadaíl. ‘Táim caillte! Táim caillte!’ a dúirt sí in ard a cinn is a gutha. Chrom Laoise síos chuici. ‘Cad atá ort, a chroí? An féidir linn cabhrú leat? Ná bí buartha, tiocfaimid ar do mhamaí agus ar do dhaidí go luath!’ a dúirt Laoise go cineálta. Chuir sé sin suaimhneas ar an gcailín beag gan aon agó.
Pictiúr 3
Bheartaigh Liam agus Laoise dul go dtí an deasc fáiltithe san ionad siopadóireachta. Bhí idirchum ag an mbean ansin agus bhí sí breá sásta fógra a thabhairt ar son an chailín bhig. ‘Tá cailín beag ceithre bliana d’aois ag an deasc fáiltithe agus tá a mamaí agus a daidí á lorg aici. Bríd is ainm di. An féidir lena tuismitheoirí teacht go dtí an deasc chun í a bhailiú?’ a dúirt an bhean go húdarásach. Bhí Bríd bhocht trína chéile faoin am sin.
Pictiúr 4
Ar deireadh thiar thall, tháinig tuismitheoirí Bhríd ag rith agus ag rás. Bhí máthair Bhríd ag gol agus bhí cuma an-bhuartha go deo ar athair Bhríd. Bhí siad an-sásta í a fheiceáil slán sábhailte. ‘Buíochas le Dia!’ a dúirt a mamaí. ‘A Bhríd a stór! Is ansin atá tú!’ arsa a daidí. Léim Bríd isteach i mbaclainn a mamaí. Bhí athair Bhríd chomh sásta sin gur ghabh sé a bhuíochas le Liam agus le Laoise agus bhronn sé 20 euro orthu. Bhí Laoise rímeádach. Chuir siad le praghas an raidió é agus bhí Nollaig iontach acu go léir!