Smaointe fánacha faoin Nollaig
Is gearr go mbeidh an Nollaig linn. Tá Daidí na Nollag á réiteach féin, tá na crainn á gcur in airde, agus tá an t-airgead á chaitheamh go tiubh te. Bímid go léir ag súil chomh mór sin leis an Nollaig! Coicís saor ó obair, ó scrúduithe agus coicís scíthe sa bhaile. Táim ag éirí sceitimíneach ag machnamh ar na cláir éagsúla a bhféachfaidh mé orthu ar Netflix i rith na Nollag. Sin é an rud is ansa liom faoin Nollaig, a bheith sa bhaile cois tine ag ligean mo scíthe agus ag féachaint ar an teilifís ar feadh uaireanta an chloig agus gan aon aiféala a bheith orm faoi. Sa lá atá inniu ann, ní minic a bhíonn deis ag teaghlaigh laethanta fada a chaitheamh i dteannta a chéile sa bhaile. Bíonn an t-uafás nithe le déanamh ag daoine i gcónaí agus gan seans acu cúpla lá scíthe a ghlacadh. Go hiondúil, bíonn aimsir fhuar, fhliuch, gheimhriúil againn i rith shaoire na Nollag agus dá bharr, níl an dara rogha ag teaghlaigh ach a bheith faoi dhíon an tí i bhfochair a chéile agus am a chaitheamh le chéile. Is maith an rud é sin, measaim féin, mar cuireann tú aithne ar bhaill do theaghlaigh in athuair. Buaileann tú le col ceathracha agus le gaolta de do chuid, daoine b’fhéidir nach bhfeicfeá ó cheann ceann na bliana. Cloistear daoine anois is arís ag tabhairt amach faoin méid cócaireachta agus bácála a bhíonn le déanamh i rith na Nollag ach ní fheadar an bhfuil sé sin fíor. Is féidir roinnt mhaith de bhia na Nollag a cheannach anois agus é uile réamhdhéanta. Ní gá go gcaithfeadh duine laethanta ag sclábhaíocht ag an sorn. Mar aon leis sin, ní bhíonn daoine ag súil leis an oiread sin ag an Nollaig dáiríre. Bím féin sásta maireachtáil ar sheacláid agus ar phióga mionra. Braithim féin go dtéann daoine thar fóir uaireanta ag ceannach bia aimsir na
Nollag. Níl ann ach aon lá amháin!
Údar gearáin eile a bhíonn ag daoine ná an t-airgead ar fad a chaitear i rith na Nollag. Is dóigh liom féin go bhfuil an ceart acu. Caitear i bhfad an iomarca airgid i gcoitinne agus ar nithe seafóideacha i gcásanna áirithe. Uaireanta, is fearr geallúintí béil a thabhairt mar bhronntanas seachas rud fisiciúil. Mar shampla, cúpla bliain ó shin, gheall mé do mo mháthair go ndéanfainn an miasniteoir a líonadh agus a fholmhú gach lá ar feadh sé mhí. Thug mé an ‘bronntanas’ sin di maidin Lá Nollag agus bhí sí fíorshásta go deo leis. Rinne mé beart de réir mo bhriathair chomh maith. Mise a thug aire don mhiasniteoir ar feadh na sé mhí sin. B’fhearr i bhfad le daoine áirithe go gcaithfeá am ina dteannta seachas dearbhán de shaghas éigin a fháil uait agus nach bhfeicfeá iad arís go ceann dhá mhí dhéag. Dá ndéanfaimis ar fad machnamh air sin, shábhálfaimis an-chuid airgid agus bheimis i bhfad níos sona chomh maith mar phobal. Is am brónach é an Nollaig do sciar maith de mhuintir na hÉireann. Ní mór dúinn uile é sin a thuiscint. Bíonn uaigneas ar dhaoine áirithe, cuimhníonn daoine eile ar dhaoine muinteartha leo a cailleadh, cuireann brú an chaiteachais an t-uafás struis ar dhaoine eile agus fulaingíonn daoine mar gheall ar bhall teaghlaigh a bheith tugtha do dhrugaí nó d’alcól. Murach an obair iontach a dhéanann leithéidí Chumann Naomh Uinseann de Pól, Clann Shíomóin, Alone agus mórán grúpaí eile nach iad, bheadh an scéal i bhfad Éireann níos measa. Caithfimid cuimhneamh ar an obair iontach sin i rith na Nollag agus a bheith fíorbhuíoch go deo go bhfuil bunriachtanais an tsaoil againn.
Ná críochnóimis ar nóta éadóchais, áfach. Bainimis ardsult as an Nollaig i mbliana. Ná ligimis do rudaí beaga áiféiseacha, neamhthábhachtacha cur isteach ar am iontach speisialta den bhliain. Nollaig shona agus athbhliain faoi shéan is faoi mhaise dúinn go léir.
Gluais: is ansa liom = I like most i dteannta a chéile = in each other’s company go hiondúil = normally i bhfochair a chéile = in each other’s company údar gearáin = a cause for complaint nithe seafóideacha = ridiculous things geallúintí béil = oral promises an miasniteoir = the dishwasher beart de réir mo bhriathair = (keep) my promise shábhálfaimis = we would save sciar maith = a substantial proportion daoine muinteartha = relatives tugtha do = addicted to bunriachtanais an tsaoil
= basic necessities of life ná críochnóimis = let us not finish
Ceisteanna
1. Cad iad na rudaí éagsúla a léiríonn dúinn go bhfuil an Nollaig ag teacht?
2. Cad é an rud is fearr leis an údar faoin Nollaig?
3. Cad í an deis a thugann an Nollaig do theaghlaigh sa lá atá inniu ann?
4. Cad a itheann an t-údar i rith na Nollag?
5. Cén bronntanas difriúil a thug an t-údar dá mháthair cúpla bliain ó shin?
6. Cén fáth a mbíonn brón ar dhaoine áirithe um Nollaig? 7. Cén teachtaireacht atá ag an údar dúinn san alt deireanach?
Gníomhaíocht
‘Is tréimhse álainn den bhliain í an Nollaig’. Scríobh aiste ar an ábhar sin.
Stór Focal Príomhthéarmaí a bhaineann leis an Nollaig