Sceideal milis na Nollag fógartha ag sióga TG4
Ní ar an tseilf atá na sióga i TG4 ag cumadh a gcuid draíochta na laethanta seo ach ar an teilifís agus féasta fógartha acu don lucht féachana ar fad.
Beidh idir cheol rac is traidisiúnta sa spotsolas i gcláir faisnéise agus ceolchoirmeacha a bheidh á gcraoladh ar staisiún, le scannáin faoi Bob Geldof agus na Boomtown Rats agus Rory Gallagher. Beidh ceiliúradh ar leith ann freisin ar an Cabaret Craiceáilte a bhain amach 25 bliana le linn 2018.
I measc na gclár faisnéise a bheidh le feiceáil ar an stáisiún tá scannán ar leith faoi Anna Mae, Banríon an Plough, a thugann léargas ar leith ar an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta. Beidh Idir Dhá Chuairt ag plé an athraithe saoil in Éirinn idir 1979 agus 2018.
Muintir Mhaigh Eo ar an Titanic is teideal do chlár a insíonn an scéal tragóideach faoi 14 dhuine ó Leathardhán i gContae Mhaigh Eo a fuair bás nuair a chuaigh an Titanic go tóin phoil in 1912. Beidh scannán iomráiteach James Cameron, Titanic, á thaispeáint ag TG4 freisin.
I measc na scannán eile a bheidh á gcraoladh ar TG4, tá Moulin Rouge, O Brother Where Art Thou agus Star Trek: Into Darkness.
Agus beidh aicsean ar leith i sráidbhaile Ros na Rún freisin agus an baol ann gur briseadh croí de shórt éigin atá i ndán do John Joe.
Tá Berni tar éis iarracht mhór a dhéanamh chun ullmhú don Nollaig ach seo chuici cuairteoir gan chuireadh chun deireadh a chuir leis an spraoi. Nó an éireoidh léi teacht slán as an tsáinn?