An raibh ‘An Chaint’ agat go fóill?

Irish Independent - Seachtain - - Front Page -

An bhfuil cara agat le Gaeilge ach ar chúis éigin is Béarla a labhraíonn sé nó sí leat i gcónaí?

Sin an cheist achrannach atá ag croí feachtas nua fógraíochta atá tosaithe ag Conradh na Gaeilge agus é á leathadh ar fud na tíre chun clabhsúr ceart a chur le Bliain na Gaeilge agus tús maith a chur leis an athbhliain.

Tá an feachtas le tabhairt faoi deara ar mhórfhógraí in go leor láithreacha i gcathracha agus bailte na hÉireann agus tá go leor fógraíochta ar bun ar na meáin shóisialta le scannáin is eile.

Ar an bhfógra mór tá pictiúir de bhuachaill agus cailín agus iad beirt ag smaoineamh gur mhaith leo go labhródh an duine eile Gaeilge leo.

“Is í an fhadhb go minic nach nochtar an tuairim seo os ard agus leanann an caidreamh as Béarla,” a dúirt urlabhraí ó Chonradh na Gaeilge.

“Táimid ag súil go spreagfaidh an feachtas seo ‘An Chaint’ i measc cairde is leannán – is tá aischothú maith faighte go dtí seo.”

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.