DROCHSHEACHTAIN LE CHRIS GREENE

Irish Independent - Seachtain - - Nuacht -

DEA-SHEACHTAIN: REIBILIÚNAIGH

Tá clú ar mhuintir na hÉireann as bheith díograiseach agus ábhailleach nuair a bhaineann sé le húdarás nó traidisiún.

Níl orainn ach breathnú ar na gearáin gan deireadh a bhíodh ann faoi dhúnadh na dtithe tábhairne ar Aoine an Chéasta agus an gleadhradh a tháinig le fáil réidh leis an gcosc chun é sin a fheiceáil.

Tá saoránach Éireannach Billy O’Shea tar éis éirí ina laoch sa Danmhairg as diúltú lámh a chroitheadh le méara Chóbanhávan chun Saoránacht na Danmhairge a fháil. Is cuid den phróiseas é lámh a chroitheadh le linn saoránacht a bhronnadh ach ní bheidh Billy páirteach ann.

“Nuair a thugann tú cuireadh do dhaoine go cóisir, croitheann tú lámh go nádúrtha le do chuid aíonna, ach ní chuireann tú fógra suas ag rá gur rud riachtanach é,” a mhínigh sé don nuachtán Gearmánach Deutsche Welle. Bhí O’Shea ag súil le cáineadh ach is cosúil go dtugann formhór na ndaoine tacaíocht dó. An mbeidh sé ag ceiliúradh le deoch air Aoine an Chéasta meas tú?

DROCHSHEACHTAIN: BAILE ÁTHA CLIATH

Mar gur duine ó Chonamara mé, bím ag gearán i gcónaí agus os ard faoi gach áit nach Gaillimh é, Baile Átha Cliath go háirithe.

De réir taighde nua nílim i m’aonar. Deireann suirbhé nua ó Abrivia Recruitment go nglacfadh beagnach leath de dhaoine atá ag obair i mBÁC le laghdú pá 10% chun bogadh amach as an gcathair agus go nglacfadh 10% de na freagróirí le laghdú pá 20%.

Anois, nílim i mo shaineolaí ach caithfidh go bhfuil baint éigin ag na freagraí seo leis an ngéarchéim tithíochta faoi láthair. Is rud sách íorónta é go bhfuil géarchéim tithíochta i gcathair nach bhfuil aon duine ag iarraidh cónaí ann.

Codarsnacht: An saol i mBaile Átha Cliath, agus (ar dheis) an saol sa chuid eile den tír

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.