#WhyIrish ag mealladh go leor

Irish Independent - Seachtain - - Nuacht -

Tá haischlib nua ag mealladh go leor tuairiscí dearfacha i leith na Gaeilge ar Twitter an tseachtain seo.

Eimear Duffy, gníomhaí a bhíonn páirteach go minic sa phodchraoladh Motherfoclóir, a thosaigh an comhrá agus í ag giolcaireacht ar chuntas oifigiúil an phodchraolta.

Dúirt Eimear gur thug sí faoi deara go raibh go leor de leantóirí an chuntais ina gcónaí i bhfad ón tír agus nach Éireannaigh den chéad ghlúin ab ea iad. Tá seisiún rialta Duolingo tosaithe ag Motherfoclóir anois.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.