BUAICPHOINTE NA SEACHTAINE

Irish Independent - Seachtain - - Spórt - PIC: MATT BROWNE / SPORTSFILE

Tá rialacha nua peile CLG ar a dtriail faoi láthair, agus is é an riail faoin bpas láimhe is mó atá ina chnámh spairne ag daoine. Faoi láthair, níl cead níos mó ná trí phas láimhe a dhéanamh as a chéile, agus cheana féin, tá imreoirí curtha i bponc aige. Mar shampla ar an deireadh seachtaine, baineadh cúl a fuair John Turbitt Loch Garman den chlár mar gheall ar an riail seo. Seans maith gurbh ag an Mí a bheadh an bua ar aon chuma, ach ní fios riamh céard atá i ndán sa spórt. Dá mbeadh an cúl sin ceadaithe, bheadh Loch Garman chun cinn le dhá chúilín.

Tá go leor bainisteoirí glan in aghaidh na n-athruithe atá molta. Ina measc tá Kevin Walsh na Gaillimhe a cháin go láidir iad, ach ní bheadh tú ag súil go mbeadh siadsan i bhfabhar aon athrú a chuirfeadh isteach ar a gcuid pleananna.

Tá CLG anois ag crosbhóthar agus beidh sé spéisiúil feiceáil an leanfar leis na rialacha, in ainneoin na nguthanna atá ina n-aghaidh.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.