Nicola, ‘Banríon’ na hAlban – agus a dúil i Saoirse
Tá Saoirse aimsithe faoi dheireadh ag Albain – ach ní hí an tsaoirse iomlán atá Nicola Sturgeon, Céad-Aire na hAlban, sa tóir uirthi.
Tá Saoirse Ronan, réalta aisteoireachta na hÉireann, á lua go láidir le gradaim aisteoireachta dá ról in Mary, Queen of Scots, an scannán faoin mbanríon a bhí ar Albain tráth a raibh Eilís 1, a col ceathrar, ina Banríon ar Shasana. Sa deireadh fuair Eilís an lámh in uachtar agus nuair a baineadh an ceann de Mary in 1587 ní raibh sí ach 15 bliana d’aois.
Beidh súile Shaoirse ag díriú ar an ngearrliosta do ghradaim Oscar nuair a fhógrófar é go luath.
Ar an lámh eile, tá Nicola Sturgeon, Céad-Aire na hAlban, ag súil go mór go mbeidh saoirse de chineál eile ar na bacáin dá tír. Agus an Breatimeacht ar na bacáin tá Nicola ag súil go mbeidh neamhspleáchas na hAlban ag teacht sna sála ar imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach.