Halla Dearg na Cathrach i mBéal Feirste
Agus an chéad agóid ag an Dream Dearg á chomóradh Dé Sathairn i mBéal Feirste, chuir an Chomhairle Cathrach tuilsolas dearg ar Halla na Cathrach chun an ócáid a cheiliúradh. Bunaíodh an Dream Dearg dhá bhliain ó shin mar thoradh ar an gconspóid faoi dhiúltú an DUP glacadh le hAcht Ghaeilge ó thuaidh.
Bhí agóid mhór ag gníomhaithe teanga agus lucht tacaíochta chun an t-éileamh a athnuachan arís.
Chuir comhairleoirí aontachtacha i gcoinne chinneadh na Comhairle an tuilsolas dearg, solas na ‘gceart daonna’, a lasadh ar an Satharn. Ghlac an Chomhairle an cinneadh in ainneoin an easaontais sin.