Dráma na Chéad Dála á athchruthú
Beidh eachtraí drámatúla na Chéad Dála á n-athchruthú ar shráideanna na Gaillimhe Dé Luain seo chugainn mar chuid de chomóradh na Taibhdheirce ar an ócáid stairiúil.
Tá Diarmuid de Faoite (ar dheis) agus aisteoirí aitheanta eile le bheith páirteach sa léiriú atá faoi stiúir Mhichíl Uí Mheallaigh, iarstiúrthóir teilifíse TG4.
Ar na haisteoirí eile atá páirteach tá Catherine Denning, Maidhc P. Ó Conaola, Deirbhile Ní Churraighín, Seán Ó Coisdealbha, Geraldine Holmes agus Séamus Ó hAodha.
Tosóidh an léiriú ag 3.30 i.n. le mórshiúl de na Teachtaí Dála ó Amharclann na Taibhdheirce ar an tSráid Láir chuig Ionad Siopadóireachta na Faiche Móire. Beidh Banna Phíob na Tulaí ó Chontae an Chláir ag tionlacan an mhórshiúl. Níos déanaí an lá céanna sa Taibhdhearc beidh léacht á tabhairt ag an Ollamh Gearóid Ó Tuathaigh ar Bhunú Dháil Éireann, Uair na Cinniúna don Daonlathas i Stair na hÉireann. Ócáid saor in aisce a bheidh ansin.