DEA-SHEACHTAIN: DAOINE VEIGEÁNACHA
Is dócha nach bhfuil a fhios agat faoi seo, ach is féidir liom a bheith sách ciniciúil uaireanta. Ní spreagann aon rud an searbhas seo ionam níos géire ná daoine veigeánacha.
Níl fiú a fhios agam cén fáth, tá sé cosúil le daoine ar fuath leo rothaithe nó daoine a dhéanann “Dry January”. B’fhéidir gurb é postúlacht lucht leanúna na smaointe thuas é, nó b’fhéidir go gcuireann sé a gcuid teipeanna féin i gcuimhne dóibh. Níl a fhios ná cúram agam. Tá an-tóir ar an stíl mhaireachtála veigeánach faoi láthair, mothaím eisiata agus sásta nach bhfuil mé mar chuid de ag an am céanna, ach tá rud amháin cinnte, is cosúil gurb é “Veganuary” an rud nua cúláilte.
Mise anois an té a bhfuil míghnaoi orm mar nach veigeán mé, tá an babhta seo buaite agaibh, a veigeána.