DROCHSHEACHTAIN: GACH AON DUINE SA TÍR
Fillimid ar cheann de na hábhair ab fhearr liom gearán agus tuairimíocht a dhéanamh faoi – an aimsir.
Tuigim gur tuairim neamhfhreagrach é seo, ach bhain mé an-taitneamh go deo as an gceithre lá sin nuair a dúnadh an tír i mí Márta na bliana seo caite.
Dá mbeadh a fhios againn go raibh sé ag teacht arís i mbliana, bheadh Nollaig eile ann chun a bheith ag súil leis. Is cosúil go bhfuil mé sa mionlach leis an tuairim mheitéareolaíochta seo agus ar an gcúis sin, tá droch-scéal agam duit anois: tá an teocht chun titim go suntasach an tseachtain seo agus an tseachtain seo chugainn.
Más mian leat mo chuid fealsúnachta a ghlacadh air, seachas cíor thuathail iomlán ar fud na tíre, is dea-scéal é seo i ndáiríre.