Irish Independent - Seachtain

Florence Nightingal­e Bean an Lampa

-

Beagnach 200 bliain ó shin, bhí cogadh ar siúl idir Sasana agus an Rúis. Sa Chrimé sa Rúis a bhí an cogadh. Is iomaí saighdiúir gonta a cuireadh chuig an ospidéal le linn an ama sin.

Bhí drochstaid ar na hospidéil ag an am sin. Bhí siad ag cur thar maoil le hothair ghonta. Bhí siad salach agus bhí an t-éadach leapa bréan agus tais. Ní raibh slí ann le siúl idir na leapacha agus d’úsáidtí sínteáin go rialta mar leapacha. Bhí lucha agus francaigh sna bardaí, fiú! Fuair a lán daoine bás sna hospidéil toisc go ndeachaigh an salachar isteach sna gonta acu agus ionfhabhta­íodh iad. Ní raibh éinne in ann na hospidéil a reachtáil i gceart. Bhí géarghá le feabhas a chur ar an gcóras leighis.

Banaltra ab ea Florence Nightingal­e. Saolaíodh i gcathair Florence na hIodáile í agus is mar sin a fuair sí a hainm. Chuala sí faoin méid a bhí ag titim amach sa Chrimé agus bheartaigh sí fadhbanna na n-ospidéal a réiteach. Thaistil ocht mbanaltra is tríocha léi anonn go dtí an Chrimé. Bhí iontas orthu nuair a chonaic siad na hospidéil. Leag Florence amach córas oibre do gach oibrí sna hospidéil. Nigh siad na cistineach­a agus sciúir siad iad. Nigh siad gach píosa éadaigh agus gach bráillín agus blaincéad. Ghlan siad gonta na saighdiúir­í agus cuireadh bindealáin orthu. Fuair siad cistineach­a nua. Thuig sí an tábhacht a bhain le gach rud a bheith chomh glan agus ab fhéidir sna hospidéil.

D’oibrigh Florence agus a foireann go dian ó mhaidin go hoíche. Tháinig feabhas ar shláinte na n-othar. Thug Florence an-mhisneach do na hothair agus thug sí an-aire dóibh. Ba ghnách léi lampa a bhreith léi i rith na hoíche nuair a bhíodh sí ag dul trí na bardaí. ‘Bean an lampa’ a tugadh uirthi dá bharr.

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland