Grúpaí radacacha le Fianna Fáil: táimid ag teacht chuig bhur mbaile
Deir lucht agóide nach eisceacht a bhí sa phicéadú lasmuigh de theach an Aire Sláinte Simon Harris
Díreofar ar Theachtaí Dála Fhianna Fáil sa phicéadú ‘baile’ atá ar bun ag grúpaí radacacha i bhfad amach ar an eite chlé, a dúirt gardaí mar rabhadh.
Agus airí Rialtais san airdeall i ndiaidh picéadú ar theach an Aire Rialtais Simon Harris ag an deireadh seachtaine, leathnaíodh an rabhadh agus cuimsítear anois áiteanna cónaithe agus oifigí toghcheantair Theachtaí Dála Fhine Gael, na Comhghuaillíochta Neamhspleáiche agus Fhianna Fáil.
Dúirt foinsí slándála go bhfuil roinnt grúpaí radacacha ag cuimhneamh ar phicéadú a eagrú ag áiteanna cónaithe agus oifigí Theachtaí Fhianna Fáil mar gurb é a gcomhaontú ‘muiníne agus soláthair’ siúd atá ag coinneáil Rialtas an Taoisigh Leo Varadkar i gcumhacht.
Cáineadh an méid a tharla taobh amuigh de theach Harris go forleathan i measc na bpáirtithe polaitíochta ar fad.
Thug grúpaí radacacha faoi na meáin shóisialta i ndiaidh na heachtra.
I ráiteas ó agóideoir amháin ón ngrúpa, dúradh: “D’fhéadfadh go mbeadh Teachta Dála áitiúil, comhairleoirí, breithimh nó aon duine a bhfuil ról acu i ndéine, caimiléireacht nó díbirt a thabhairt chuig muintir na hÉireann i gceist.
CAIPITLEACHAS
“Tá sé in am é a thabhairt chuig a ndoirse, thug siadsan a ndóthain go doirse seo againne.”
I nuashonrú ar an scéal, dúirt grúpa eile: “Ní deir páirtithe an tSaorstáit agus a bhformhór siúd i dTeach Laighean dada ná ní dhéanann siad dada agus teaghlaigh á ndíbirt as a mbaile nó an caipitleachas agus an t-impiriúlachas ag teacht i dtír ar an Lucht Oibre.
“Go deimhin, tacaíonn ionadaithe poiblí na haicme caipitlíche ar nós Harris go
gníomhach le gníomhartha dá leithéid.
“Ná bíodh aon dul amú oraibh faoi seo. Is Coimhlint Aicmeach é seo. Tá an Saorstát ag cur iallach le fada ar theaghlaigh an lucht oibre cónaí faoi uamhan agus faoi eagla agus níor measadh riamh go raibh ár mbailte doshéanta nó dobhriste.”
Spreag an lucht tacaíochta a chéile le picéadú a dhéanamh ar thithe an Taoisigh Leo Varadkar agus an Aire Tithíochta Eoghan Murphy. Spreag daoine eile an lucht agóide le díriú ar cheannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin.
D’úsáid grúpaí a bhí in aghaidh na déine an taictic sin i rith an chúlaithe eacnamaíochta. Bhíothas ag díriú ar tháillí beartaithe uisce agus teaghlaigh an t-am sin.
An mhí seo caite, chuir gardaí fainic ar airí ban Fhine Gael go raibh sé i gceist ag lucht agóide in aghaidh na díbeartha ceann dá dtithe a thógáil ar láimh.
Aréir, bhí póstaer a spreag níos mó agóidí á roinnt go forleathan ar na meáin shóisialta. Deirtear air: “Who’s Next? Bring it to their doors.”