Lá Cheol na nGael á lorg ag Rónán
Tá an láithreoir raidió agus an gníomhaí ceoil aitheanta Rónán Mac Aodha Bhuí ag éileamh go mbeadh Lá Náisiúnta don Cheol Ghaelach agus i nGaeilge ar stáisiúin raidió na tíre.
Bhí Rónán ag caint agus é ag roghnú seinnliosta ceoil i mBreatnais ag an deireadh seachtaine toisc go raibh Lá Ceoil Breatnaise á cheiliúradh sa Bhreatain Bheag ar an Aoine seo caite.
“Ardán ar dóigh a bheadh ann do cheol na nGael agus as Gaeilge,” arsa Ránán a bhfuil aithne air as ucht an Cabaret Craiceáilte a bhunú.
D’éirigh go sármhaith anuraidh le Ceol 2018 agus tá bannaí ar nós Kneecap ag mealladh go leor leantóirí.