Irish Independent - Seachtain

BUAICPHOIN­TE NA SEACHTAINE

-

Cé gur ghnóthaigh foireann na hÉireann bua ar an deireadh seachtaine, ní bhfuair sé sin réidh leis an lorg a d’fhág Sasana ar Bhaile Átha Cliath.

Ní raibh an fhoireann ag féachaint ró-shásta agus iad ag imeacht ón bpáirc i nDún Éideann, ach tá siad in áit i bhfad níos fearr anois ná mar a bhí coicís ó shin.

Thaispeáin siad go raibh siad ábalta an lá a thabhairt leo, in ainneoin nach raibh siad ag imirt go maith. Chomh maith leis sin, tá briseadh beag anois ann sula mbeidh siad ag imirt in aghaidh na hIodáile.

Níl aon dochar mór ann mura mbeidh craobhchom­órtas na bliana seo thar mholadh beirte.

Sin, mura bhfuil ann ach tréimhse ina bhfuil an fhoireann beagáinín tuirseach tar éis geimhreadh fada imeartha, agus go mbeidh siad ar ais ar a seanléim in am do Chorn an Domhain.

Ach, más tuirse inchinne atá i gceist, nó má tá laghdú de chineál ar thionchar Schmidt sa seomra feistis, tá siad i dtrioblóid. Beidh a fhios againn taobh istigh de mhí cé acu atá i ndán.

 ?? PIC: BRENDAN MORAN / SPORTSFILE ??
PIC: BRENDAN MORAN / SPORTSFILE

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland