COIMEÁD SÚIL AR
Sraith na Seaimpíní
Cé a cheapfadh ag tús an tséasúir go mbeadh Tottenham ag déanamh ar bharr an tábla i bPríomhroinn Shasana, agus go mbeadh siad in sna babhtaí cáilithe i Sraith na Seaimpíní chomh maith?
Tá éacht bainte amach acu, go háirithe nuair nár éirigh leo ceachtar dá gcéad trí chluiche baile a bhuachaint.
Anocht, tabharfaidh siad aghaidh ar Borussia Dortmund agus beidh a lucht tacaíochta ag súil nach bhfágfaidh an t-ádh sin iad. Beidh orthu plean de chineál a bheith acu do Jadon Sancho, áfach. D’fhéadfadh sé deireadh a chur lena dturas.