Scannán Gaeltachta ag díriú ar ‘Oscar’ in 2020
Léigh sibh i Seachtain ar dtús é! Tá scannán Gaeilge a ndearnadh scannánú air anuraidh i gConamara ag súil le bheith san áireamh ag na ‘Oscars’ an bhliain seo chugainn.
Faoi láthair tá eagarthóireacht ag críochnú ar Árracht, scannán faoin nGorta Mór, agus tá súil go mbeidh sé sna pictiúrlanna agus ar TG4 i bhfómhar na bliana seo.
Á stiúradh ag Tom Sullivan agus á léiriú ag Macalla, is é seo an chéad scannán a rinne TG4 coimisiúnú air ón scéim Cine4 agus tá buiséad €4.2m faighte aige ón gcraoltóir, ó Fís Éireann, ón BAI agus faoi fhorálacha faoisimh cánach.
Is i Leitir Mealláin i gConamara a thaispeánfar ar dtús é, tá súil ag Cúán Mac Conghail ó Macalla, mar gheall gur ansin a rinneadh an scannánú ar fad.