An brat glas faighte ag An Spota Dubh
Ní hamháin go bhfuil peileadóirí Átha Cliath chun tosaigh ar an bpáirc imeartha ach anois tá na craoltóirí cois Life ag taispeáint an tslí don chuid eile den tír le cois.
Tá margadh nua sínithe idir Raidió na Life agus Cumann Lúthchleas Gael chun podchraoladh nua Gaeilge faoi na cluichí Gaelacha a chur ar fáil.
Beidh Cian Ó Griallais agus Cárthach Breathnach ag cur réaltaí reatha na peile agus na hiománaíochta faoi agallamh ar An Spota Dubh a bheidh ar fáil ar shuíomhanna an Chumainn, Raidió na Life agus ar an ardán podchraoltóireachta, Soundcloud. I gcuideachta Chárthaigh agus Chian sa chéad phodchraoladh tá Paul Conroy, imreoir le Gaillimh, Donie Breathnach, iar-pheileadóir agus iománaí le Port Láirge, Fiona Ní Chorcoráin, iar-imreoir camógaíochta agus iomána le Baile Átha Cliath agus an t-iriseoir CLG Cian O’Connell.
Tá An Spota Dubh á chraoladh ar Raidió na Life le cúpla bliain agus roinnt gradam gnóthaithe aige san am sin. Is cinnte go gcuirfidh an tseirbhís nua go mór le líon éisteoirí Raidió na Life ar fud na tíre agus go hidirnáisiúnta.