Ag léamh an dáin seo…
Baineann an dán seo le máthair agus í ag féachaint ar a mac óg ag siúl. Tá péire bróg á chaitheamh aige den chéad uair riamh ina shaol. Deir sí gur chuir sí, agus b’fhéidir athair an pháiste, na bróga air den chéad uair riamh, an mhaidin sin. Molann an mháthair na bróga áille seo. Féachann siad go hálainn ar a maicín óg agus oireann siad dó ‘…seoidín den leathar,/Míorúilt ghréasaíochta sa chéadscoth den bhfaisean’. Is céim mhór sa saol é don pháiste péire bróg a fháil, tá sé ag fás suas agus ag éirí mór. Tuigeann a mháthair tábhacht na mbróg seo. Sa dara véarsa labhraíonn sí lena mac. Tá sí an-bhródúil as. Deir sí leis siúl go láidir agus go cróga - ‘Tóg an ceann gleoite go clóchasach, daingean,/Linbhín fir tú id shiúl is id sheasamh’. Tagann brón ar an bhfile, áfach, mar tuigeann sí nach mbeidh a buachaillín óg ag brath uirthi mar a bhíodh. Fásfaidh sé suas, éireoidh sé neamhspléach agus imeoidh sé leis amach sa saol mór agus é in ann seasamh ar a dhá chos féin. Tá cumha uirthi go bhfuil sé ‘chomh luath so ag ‘meacht uaim.’ Tuigeann an mháthair go bhfuil an saol seo deacair agus go mbeidh roinnt mhaith dúshlán roimh a mac óg. Is turas fada é turas an tsaoil agus féachann an mháthair ar na bróga mar rud freagrach. Is gá bróga a chur ort chun dul amach sa saol agus bóthar an tsaoil a shiúil. Tuigeann sí go mbeidh ar a mac a bheith freagrach, a bheith neamhspleách agus bróga a chaitheamh gach lá sa saol mór.
Gníomhaíochtaí
1. Roghnaigh na trí íomhá is fearr leat ón dán agus tarraing pictiúr de gach ceann díobh, ag léiriú na n-íomhánna sin. 2. Labhair leis an duine in aice leat faoi mar a mhothaigh tú nuair a léigh tú an dán seo. 3. Scríobh téacsteachtaireacht ón máthair sa dán chuig seantuismitheoirí an bhuachalla, ag insint dóibh gur cheannaigh tú bróga nua dó agus gur chaith sé den chéad uair inniu iad.