An Seilide Garraí
Seilide garraí atá anseo sa ghrianghraf. Bíonn sé le feiceáil in an-chuid áiteanna - ní hamháin garraithe! Moileasc is ea é an seilide. Tugtar moilisc ar ainmhithe a mbíonn a gcreatlacha lasmuigh dá gcoirp. Gluaiseann an seilide garraí ar bhrat tiubh de mhúcas. Ar an gcaoi sin, is féidir leis imeacht thar dhromchlaí atá neamhréidh nó géar. Fágann an múcas go mbíonn an dromchla sleamhain agus mar sin, is furasta don seilide a bheith ag taisteal ó áit go háit. Ramallae seilide a thugtar ar an gcosán sleamhain ar a ngluaiseann sé. Tá poigheachán suite ar dhroim an tseilide. Is geall le teachín beag soghluaiste é an poigheachán. Fanann an seilide laistigh den phoigheachán nuair a bhíonn an aimsir fuar nó má bhíonn eagla air roimh rud ar bith. Tá an seilide in ann béal an phoigheacháin a chlúdach le múcas.