An Scrúdú Cainte
Mar is eol duit, is fiú 40% de scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta an scrúdú cainte. Mar sin, tá sé fíorthábhachtach go deo go bhfreagróidh tú ceisteanna an scrúdaitheora i gceart agus go cuimsitheach. An tseachtain seo, beimid ag féachaint ar cheann de phríomhthopaicí an scrúdaithe, is é sin, cúrsaí scoile. De ghnáth, tosóidh an scrúdaitheoir le ceisteanna faoin scoil agus do ghnáthlá scoile. Ar dtús, féach ar an mír físe An Scoil ar TG4Foghlaim agus freagair na ceisteanna thíos: https://www.tg4.ie/ga/foghlaim/ceachtanna/an-scoil/ mir-a-haon/ 1. Cén saghas scoile í Gairmscoil na bPiarsach? 2. An scoil do chailíní amháin í? 3. Cé mhéad dalta atá ag freastal ar an scoil? 4. Cén fáth gur maith an rud é gur scoil an-bheag í Gairmscoil na bPiarsach, dar le Róisín Ní Shúilleabháin? 5. Cá bhfuil an scoil suite go díreach? 6. Déan liosta de na hábhair a dhéanann Colm Ó Conghaile. 7. Cén fáth arb é an staidéar foirgníochta an t-ábhar is fearr le Colm? 8. Cén fáth nach dtaitníonn an Fhraincis le Róisín Ní Shúilleabháin? 9. Cad é an t-ábhar comónta ar mhaith le Colm agus Róisín a fheiceáil sa scoil, sa todhchaí? Seo a leanas comhrá samplach idir scrúdaitheoir agus dalta. Féach ar na ceisteanna agus ar na freagraí. Cur líne faoi na nathanna a thaitníonn leat. An Scrúdaitheoir (S): Inis dom faoin scoil a bhfreastalaíonn tú uirthi. An Dalta (D): Bhuel, freastalaím ar Scoil na mBráithre anseo i gcathair Chorcaí. Is scoil do bhuachaillí amháin í. Freastalaíonn thart ar ocht gcéad dalta ar an scoil seo, mar sin, is scoil mhór í. Chomh maith leis sin, tá seasca múinteoir againn, príomhoide, leasphríomhoide agus beirt rúnaithe. Ar an iomlán, réitíonn gach duine go maith lena chéile anseo. Is pobal beag muid. S: Cad iad na hábhair scoile a ndéanann tú staidéar orthu? D: Déanaim staidéar ar an matamaitic, an Ghaeilge, an Béarla, an stair, an Ghearmáinis, an eacnamaíocht, an staidéar gnó agus an bhitheolaíocht. Is aoibhinn liom an stair toisc go gceapaim gur ábhar fíor-spéisiúil go deo atá inti agus tá múinteoir spreagúil agam. Nílim róthógtha leis an nGearmáinis, leis an fhírinne a rá. Bíonn deacrachtaí agam í a thuiscint. Tá fuaimniú na bhfocal anait agus tá gramadach na Gearmáinise an-chasta ar fad. S: Cad iad na háiseanna atá agaibh sa scoil anseo? D: Tá áiseanna iontacha anseo againn. Tá an t-ádh linn, i ndáiríre. Tá seomraí ranga áille againn, dhá shaotharlann mhóra, amharclann, tá seomra caidrimh ann do lucht na hArdteiste, tá seomra foirne ann don lucht teagaisc, halla spóirt, cúirt chispheile, trí chúirt leadóige agus mórán áiseanna eile nach iad. S: An bhfuil rialacha dochta i bhfeidhm sa scoil anseo? D: Níl, i ndáiríre. Tá na gnáthrialacha i bhfeidhm maidir le drugaí agus alcól agus a leithéid. Cuireann an príomhoide an-bhéim ar na rialacha frithbhulaíochta atá sa scoil. Gearrtar pionóis throma ar dhaltaí a dhéanann bulaíocht ar dhaltaí eile anseo agus is ceart agus is cóir sin, i mo thuairimse. S: Cad iad na rudaí seach-churaclaim a dhéantar sa scoil seo? D: Déantar an oiread sin rudaí seach-churaclaim sa scoil seo gur deacair cuimhneamh orthu ar fad. Cuirtear an-bhéim ar chúrsaí spóirt sa scoil. Tá foirne peile agus iománaíochta againn ag na haoisghrúpaí éagsúla agus buaimid comórtais sa dá spórt go rialta. Tá cispheil tagtha isteach sa scoil le cúpla bliain anuas agus tá ár bhfoirne cispheile ag dul ó neart go neart. Taobh amuigh de chúrsaí spóirt, tá cumann drámaíochta an-ghníomhach againn sa scoil seo. Cuireann siad seónna ar stáitse dhá uair in aghaidh na bliana. Tá siad thar cionn. S: Ar mhiste leat cur síos a dhéanamh ar an ngnáthlá scoile a bhíonn agat? D: Cinnte. Bhuel, sroichim an scoil ar a hocht a chlog ar maidin. Bím ag fanacht timpeall, ag caint le mo chairde agus ag imirt peile go dtí a leathuair tar éis a hocht nuair a thosaíonn an tionól. Maireann an tionól fiche nóiméad nó mar sin agus ansin ag a deich chun a naoi, tosaíonn na ranganna. Bíonn trí rang agam roimh am sosa agus trí cinn i ndiaidh ama sosa. Bíonn lón uair an chloig ansin againn. Tá ceaintín álainn sa scoil againn agus ithim mo dhinnéar ansin ag a haon a chlog. Tar éis lóin, bíonn trí rang againn arís agus críochnaíonn an lá scoile ag a ceathair a chlog gach lá. Mura mbíonn cluiche nó traenáil peile ar siúl tar éis scoile, fanaim ar scoil go dtí a seacht a chlog um thráthnóna don staidéar maorsaithe. Bainim an-tairbhe as an staidéar maorsaithe. Éiríonn liom an-chuid oibre a dhéanamh le linn an staidéir mhaorsaithe. Laethanta fada atá i gceist ach caithfear an obair a chur isteach go háirithe i mbliana agus an Ardteist ar na bacáin. S: Is léir go dtaitníonn an scoil seo leat agus is maith sin. Ach dá mbeifeá i do phríomhoide ar an scoil seo, an athrófa aon rud? D: Bhuel, cé gur scoil iontach í seo, d’athróinn rud nó dhó, dá mbeinn i mo phríomhoide. Thabharfainn leathlá isteach Dé Céadaoin. Ní bhíonn leathlá againn Dé Céadaoin agus ba dheas an rud é lá cuíosach bog a bheith ag gach duine sa scoil. Chomh maith leis sin, gheobhainn réidh leis an éide scoile do lucht na hArdteiste amháin. Is daoine fásta iad lucht na hArdteiste agus bheadh sé deas dá mbeadh deis acu á gcuid féiniúlachta a thaispeáint ó thaobh stíle agus faisin de. Seachas an dá rud sin, d’fhágfainn rudaí mórán mar atá. S: Ar fheabhas ar fad, go raibh míle maith agat as an méid sin a roinnt liom faoin scoil seo. Bogfaimid ar aghaidh anois go dtí an chéad ábhar cainte eile.