Irish Independent - Seachtain

Ciallaíonn buanna an chumainn áitiúil ana-chuid don bpobal anseo

- DÁITHÍ ÓSÉ

Ceithre bliana ó inniu bhogamar amach ón gCathair agus amach go Deisceart na Gaillimhe. Is minic a chuireann daoine ceist orm, canathaobh gur taobh amuigh do Ghort Inse Guaire a leaindeáil sibh agus níl aon fhreagra agam dóibh i ndáiríre.

Bhí Craobh na hÉireann buaite ag Naomh Tomás an bhliain roimhe sin agus tháinig an ceoltóir Joe Cooley ón áit agus taobh amuigh dó sin ní raibh aon chur amach agam ar aon rud eile!

Tar éis an Domhnaigh tá na Tomásaigh ar ais i gcluiche ceannais na hÉireann agus aithne agam an uair seo ar na himreoirí ar fad agus ar an lucht leanta chomh maith.

Is iontach an club iad na Tomásaigh, is iontach an tslí a thagann siad le chéile agus bíonn sé mar seo má bhíonn siad i gcluiche ceannais na hÉireann nó amach as ón gcéad chluiche! Ní raibh an sórt seo feicthe agam agus mé ag maireachtá­il sa Chathair, ana-sheans go bhfuil sé ann, ach ní fhaca mé é.

Tá réalta an Chontae chomh maith ag an bhfoireann an uair seo. David Burke, Conor Cooney agus Éanna Burke.

Ní fada go mbeidh Fintan Burke leo tar éis an tslí a d’imir sé ar an nDomhnach. Fuair sé laoch na himeartha ar an lá.

Ach cad a chiallaíon­n sé seo don bpobal? Anachuid mar a tharlaíonn sé. Bhuaigh an club Craobh an Chontae in 2016 agus is cuimhin liom an spiorad a bhí timpeall na háite agus an teacht le chéile a bhí againn. Tugann rud mar seo pobal le chéile.

Bhí daoine sa tábhairne áitiúil ná raibh ann le fiche bliain a dúradh liom! Bhuel, beidh siad ar ais anois Lá ’le Pádraig.

Sin ceann dos na rudaí a thaithíonn liom fén CLG nuair a bhíonn ag éirí go maith le foireann áitiúil nó iad i gcluiche ceannais bíonn na bratacha ar na cuaillí agus is mar sin atá againne i láthair na huaire.

Caithfidh mé a admháil aon uair a bhíonn foireann ós na Sé Chontae ag imirt go mbíonn mo chroí leo, an stair is cúis leis seo.

Ní raibh sé éasca orthu síos trí na blianta. Tá sé níos fusa anois, ach ní raibh tráth.

Cuimhním ar chlub Ruairí Óg as Aontroim, a chaill tráthnóna Dé Domhnaigh sa chluiche i gcoinne na dTomásach.

Bhíos ann uair amháin roinnt blianta ó shin le cara. Thugamar tráthnóna sa tábhairne áitiúil ann agus níor stadamar ag gáire ón nóiméad a chuamar isteach agus ní raibh aithne againn ar éinne.

Fuaireas léargas ó dhuine ann ar conas a bhí rudaí le blianta siar agus ní raibh sé éasca orthu. Fanann sé seo liom i gcónaí.

Pé scéal é bhí an lá leis na Tomásaigh Dé Domhnaigh, ach ar éigean.

Beidh orthu dul níos doimhne Lá ’le Pádraig má theastaíon­n uathu glór 2013 a athbheocha­n!

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland