Irish Independent - Seachtain

Corcaigh buailte agus i gcruachás

-

Tá Corcaigh buailte sa pheil ag Contae an Chláir faoi dhó cheana féin i mbliana, agus níl aon chuma fós orthu go bhfuil aon dul chun cinn á dhéanamh acu.

Go deimhin, is ar gcúl atá siad ag dul. Tá sé deacair a shamhlú gur ghnóthaigh Corcaigh cluiche ceannais na hÉireann in 2010, agus gur ghnóthaigh siad an tsraith in 2012.

Tá siad anois á mbualadh i Roinn a Dó, agus seans mór ann gur síos céim eile a bheidh siad ag dul, agus ní ag dul i bhfeabhas.

Tá sé ráite ag bord an chontae go bhfuil sé mar sprioc acu atógáil a dhéanamh, ach mura ndéanfaidh siad deifir, ní beidh faic fágtha chun tógáil air.

 ??  ?? Díomá: Ian Maguire
Díomá: Ian Maguire

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland