‘Ní gá bheith líofa le sult a bhaint as an teanga’
An láithreoir raidió Tracy Clifford, an t-amhránaí Sibéal Ní Chasaide, an peileadóir Michael Darragh MacCauley agus an t-oibrí pobail Linda Ervine – sin iad an ceathrar atá roghnaithe chun dea-scéal Sheachtain na Gaeilge na bliana seo, atá á hurrú ag Energia, a fhógairt don phobal.
Seoladh clár Sheachtain na Gaeilge Dé Luain i mBaile Átha Cliath chun dlús a chur faoi na hullmhúcháin don mhórfhéile Ghaeilge a osclófar go hoifigiúil i Muineachán ar an 1 Márta.
“Ní gá bheith líofa le sult a bhaint as an teanga agus cultúr,” a dúirt Tracy Clifford, a chuireann clár iarnóin 2FM i láthair ó Luan go hAoine.
Creideann Tracy, a rinne clár a chur i láthair ó cheanncheathrú RnaG i gCiarraí, gur deis iontach í an fhéile “páirt a ghlacadh ar bhealach beag nó mór, ar scoil, sa bhaile, nó ag ceann de na himeachtaí áitiúla nó idirnáisiúnta.”
Beidh Seachtain na Gaeilge ar siúl ón 1 -17 Márta i mbliana.