DEA-SHEACHTAIN / DROCHSHEACHTAIN LE CHRIS GREENE
DEA-SHEACHTAIN: CRÍOSTAITHE NUA-AIMSEARTHA
Táim ag an bpointe anois nach bhfuil mé fiú ag iompar mo chárta bainc liom níos mó, déantar gach rud a bhaineann le hairgead ar an bhfón póca agus ná bac le airgead tirim, níl muid sa Chlochaois.
Beidh tú ag moladh an chórais malartaithe dom sula i bhfad. Sa lá atá inniu ann is diabhlaí an rud é an íocaíocht gan
tadhall, tá fiú eaglaisí i mBaile Átha Cliath ag glacadh leis.
De bharr laghdú ar an oiread airgid a bhailítear i rith an aifrinn beidh stáisiún gan tadhall ar chúl na séipéal.
Tá gach gnó eile curtha in oiriúint do leisciúlacht na ndaoine, mar sin is cleas iontach cliste é an fiontar nua seo don eaglais.
Chomh luath agus is féidir liom aithrí a dhéanamh i mo pheacaí agus corp Chríost a ghlacadh trí aip ar an bhfón, beidh mé i mo Chríostaí iontach arís.
DROCHSHEACHTAIN: DAOINE AG LORG GRÁ
Sé an t-idirlíon an ghné is fearr agus is measa den tsochaí, agus cruthaíonn an scéim cham grá nua seo an smaoineamh seo go soiléir.
Tá aithne agamsa ar dhaoine a bhuail lena gcéile ar líne mar sin ná bíodh aon amhras ort nach ionsaí é seo ar na láithreáin gheandála, ach na mílte agus na mílte euro a sheoladh chuig duine nár casadh ort riamh? Is éigríonna an cinneadh é. Bhí mé ag magadh gur seift a bhí i Lá San Vailintín ach is léir go bhfuil fíorsheifteanna i ngníomh freisin. Fuarthas ciontach caimiléir in iarthar na hÉireann le déanaí a ghoid €19,000 trí scéim cham grá agus de réir figiúirí a d’eisigh na gardaí chaill bean amháin sa tír seo €48,000 ach chuir sí moill ar an gcás a thuairisciú toisc go bhfuil sí pósta. Samhlaigh an comhrá sin le do chéile. Ceapaim go mb’fhearr lenár bhformhór go mbeadh fíorchaidreamh seachphósta ar líne ag ár bpáirtí in ionad ceann bréige a chosnaíonn caoga míle euro.