An Ghaeilge ina ‘Zombaí-theanga’
Tá cáineadh láidir déanta ag an iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin ar an mbaol go n-iompóidh polasaithe an Rialtais an Ghaeilge ina teanga nach bhfuil beo ná marbh.
Ag labhairt dó ag comhdháil sa Bhreatain Bheag, thug Ó Cuirreáin ‘zombaí-theanga’ ar an nGaeilge a bheadh á labhairt sna Gaeltachtaí ar fud na tíre dá leanfaí d’easpa airde an Rialtais ar an ngéarchéim sa Ghaeltacht.
“Torthaí an tsaothair seachas an saothar féin an t-aon slat tomhais chun rath polasaí mionteanga a mheas,” a dúirt an Cuirreánach. Dúirt sé gur céim ar chúl an phleanáil teanga a d’fhag an cúram ar fad ar phobail Gaeltachta gan na hacmhainní cuí.