Idir óg agus aosta le páirt a ghlacadh i Lá Mór Rince
Tá idir dhéagóirí agus daoine
níos sine ag cleachtadh go dícheallach an tseachtain seo le haghaidh Lá Mór Rince a bheidh i nGaeltacht Mhúscraí Dé Sathairn.
An rinceoir gairmiúil Siobhán Ní Dhuinnín a bheidh ag stiúradh an lae, atá lán go béal le himeachtaí damhsa in Ionad Cultúrtha an Dr Ó Loingsigh i mBaile Bhuirne.
Beidh ceardlann idirghlúine ar maidin le Ríonach Ní Néill agus ina dhiaidh sin taispeánfar a scannán, I Modh Rúin, ina bhfuil rinceoirí eile ar nós Shibéal Davitt agus Emma Verling páirteach.
Buaicphointe an lae an léiriú rince ar leith atá déagóirí ón gceantar ag cleachtadh an tseachtain seo ar fad faoi stiúir Shiobhán Ní Dhuinnín.
Sa léiriú seo beidh damhsa, ceol agus ealaín fite fuaite le chéile chun léiriú mothálach agus spleodrach a chur ar an ardán san ionad cultúrtha.