Irish Independent - Seachtain

Laethanta órga Chiarraí fadó fadó tugtha chun cuimhne ag ócáid ar leith

- DÁITHÍ Ó SÉ

Bhíos i Londain ag an ndeireadh seachtaine, ní minic a bhím ann ach nuair a fhaighim an glaoch bím réidh le dul! Ní ar bhonn sóisialta ach do chóisir chun airgead a bhailiú don CLG i gCiarraí. Is ar éigean a chreid Bean an Tí go raibh sé seo ag tarlú. Nuair a thugas an liosta di de cé a bheadh ann, cheap sí go rabhas ag magadh.

Eoin ‘Bomber’ Liston, Óige Moran, Bryan Sheehan, Mick Galwey, Tom Spillane, Darren O’Sullivan, Paul Galvin agus Marc Ó Sé. Laochra móra Chiarraí in aon seomra amháin agus mise ag cur na gceisteann­a.

Paul Galvin ar dtús ag caint ar chaid agus ar éadaí. Tá líne nua aige anois le CLG Chiarraí ag comóradh Joe Keohane a d’imir le Ciarraí agus a bhí le Micko ar an bhfoireann bainistíoc­hta sna 70idí agus 80idí. Ní ar mhaithe leis fhéin atá sé á dhéanamh seo, ach do Chiarraí agus an fhoireann. Ní féidir a bheith ag lorg airgid ar dhaoine an t-am ar fad a dúirt sé liom, “caithfidh tú rud éigin a thabhairt ar ais”!

Bhí ceant ann ar an oíche chomh maith agus buíochas le Dia go raibh duine éigin eile ann chun é seo a dhéanamh mar nílim go maith aige seo agus deirim leis na daoine a bhíonn i gceannas go mb’fhearr duine eile a fháil.

Ina dhiaidh seo bhí agallamh ann le Mick Galwey, Marc Ó Sé agus an Bomber, mise a bhí ar an stiúir. Ag cur leis seo ar fad gan dabht bhí Ciarraí tar éis an ceann is fearr a fháil ar Bhaile Átha Cliath an tseachtain roimhe sin. Bhí Bleá Cliathaigh ann ar an oíche agus chun a gceart a thabhairt dóibh bhíodar in ann an magadh a thógaint. Bhí ana-scéalta ag an mBomber fés na laethanta imeartha. Dúirt sé gurbh é a chéad chraobh in 1978 an ceann is fusa mar ná raibh aon bhrú ann mar ná raibh éinne ag súil leis agus gur éirigh sé níos deacra le gach bua! Tháinig Mick Galwey isteach don mBomber i gcluiche leathceann­ais 1986 agus bhí ana-bhabhta magaidh ar an stáitse dá bharr seo. Tháinig ainm Pháidí Uí Shé aníos cúpla uair le linn na cainte agus is tráthúil go ndein agus an comórtas ar siúl in Ard a’ Bhóthair ag an am gcéanna!

Nuair bhí seo ar fad déanta ní raibh an oíche ach ina tús. Níl a fhios agam i gceart cén t-am a bhaineas an leaba amach, ach bhíos fhéin agus Marc i gcarr ag dul go Heathrow ag a 7 ar maidin.

Buíochas le Dia go raibh cóisir ag an bhfear óg an tráthnóna sin nuair a thána abhaile agus bhíos in ann mé fhéin a chaitheamh ar an dtolg. Bhraitheas go rbhas fhéin ag imirt i gcluiche ceannais, bhí an oiread sin de phian orm!

 ??  ?? Cruinniú: Dáithí agus Paul Galvin
Cruinniú: Dáithí agus Paul Galvin
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland