Irish Independent - Seachtain

Scrúdú Gearmánach i ndán do Manchester City i Sraith na Seaimpíní

-

Is in 2014 go deireanach a bhuail foireann ón nGearmáin Manchester City i Sraith na

Seaimpíní agus seans maith nach dtiocfaidh aon athrú air sin anocht.

Ar an gcéad dul síos is in aghaidh Bayern München a bhí siad an uair sin, agus Pep Guardiola a bhí ag bainistiú na nGearmánac­h.

Is é a bheith ag stiúradh City anocht in aghaidh Schalke, agus ní féidir comparáid a dhéanamh eatarthu.

Chríochnai­gh City ag barr an tábla i ngrúpa le Lyon, Shakhtar Donetsk agus Hoffenheim.

Mura dtarlaíonn rud éigin ait, ní chuirfidh Schalke aon stró orthu, go háirithe nuair nach bhfuil ag éirí leo sa Bundesliga.

Tá seachtain ghnóthach ag Manchester City. Beidh siad ag tabhairt aghaidh ar Chelsea i gcluiche ceannais Chorn Carabao Dé Domhnaigh.

Tar éis gur chaill buachaillí Stamford Bridge i gcoinne chomharsai­n City, Manchester United, i gCorn an FA Dé Luain, ní bheidh fáilte roimh City i Londain seans.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland