TÁ UAIREADÓIR AN BHREATIMEACHTA AG TICEÁIL!
DEA-SHEACHTAIN: LUCHT FÉACHANA TEILIFÍSE
Admhaím nach cabhair ar aon bhealach mo chuid galamaisíochta faoin mBreatimeacht ach go bhfóire Dia orainn, an clog Breatimeachta atá ag RTÉ? A Theresa May na bhflaitheas.
Tá Nuacht RTÉ tar éis cinneadh den scoth a dhéanamh chun uaireadóir beag a chur i gcúinne an scáileáin le haghaidh aon tuairisce faoin mBreatimeachta a chraoltar.
Dúirt mé agus muid ag tarraingt ar an toghchán uachtaránachta go raibh siamsaíocht na stáisiún teilifíse mór Meiriceánach uaim, bhuel tá toradh mo ghuí faighte agam.
Más féidir leis na láithreoirí nuachta hataí leipreachán a chaitheamh don Mhárta uile d’fhéadfaimis beagnach cóisir a dhéanamh den bhrachán seo.
Tá an bád seo ag dul faoi, is dócha go marófar muid go léir sa phróiseas, ach anois ba mhaith liom taitneamh a bhaint as, cabhróidh an clog.
DROCHSHEACHTAIN: JORDYN WOODS
Níl mórán ar eolas agamsa faoi mhórchultúr na gceiliúrán, mar sin má tá a fhios agam d’ainm agus is duine cáiliúil thú, is duine an-cháiliúil thú.
Ní raibh an t-ainm Jordyn Woods ar eolas agam go dtí an tseachtain seo ach ón méid is féidir liom a rá is cosúil go bhfuil sí ina deachtóir brúidiúil nó Thierry Henry.
Is léir go bhfuil múisiam mór ar an bpobal idirlín faoi iompar an chailín seo. De réir tuairiscí, phóg sí Tristan Thompson (céile Khloé Kardashian) ag cóisir tí. Seachtain ó shin sílim nach dtuigfinn leath den abairt sin ach tá sé cloiste agam an oiread sin uaireanta gur saineolaí anois mé. Scéal suimiúil é cinnte, ach níl sé chomh suimiúil le hUaireadóir an Bhreatimeachta. Uaireadóir an Bhreatimeachta: Tá sé ag ticeáil . . .