Irish Independent - Seachtain

Filleadh ar an gCathair le hAilbhe Ní Ghearbhuig­h

(Filíocht T1 an dara agus tríú bliain amháin)

-

Anocht ag filleadh dom, blaisim allas na cathrach faram.

Deas liom a taiseacht.

Preabann an Aimsir Láithreach gan aire ó gach balla i mbrothall an tráthnóna.

Admhaím go músclaíonn gás sceite sceitimíní ionam.

Is fíor nach gcítear luí na gréine i bhfairsing’ spéire:

Cacann an oíche idir foirgnimh arda gan rabhadh.

Ach lasann soilse neon cúinní coimhthíoc­ha mo chroí. Faoiseamh a gheobhadsa ar mo ghrianán gealaí, mo chluas le hamhrán tráchta.

Anailís ghairid ar an dán seo

Is freagra é an dán seo ar dhán an-cháiliúil sa Ghaeilge, Faoiseamh a’ Gheobhadsa, le Máirtín Ó Direáin. Ba as Inis Mór, Oileáin Árann do Mháirtín Ó Direáin agus thaitin a oileán dúchais go mór leis. Bhí air imeacht agus é óg, áfach, chun post a fháil i nGaillimh agus ansin i mBaile Átha Cliath. Bhraith sé an t-oileán uaidh ar feadh a shaoil. Chum sé a lán dánta faoi áilleacht an nádúir faoin tuath agus ar an oileán. Tá na dánta seo an-aitheanta ar fad.

Sa dán seo, Filleadh ar an gCathair, is a mhalairt atá á ceiliúradh ag Ailbhe Ní Ghearbhuig­h. Is léir go bhfuil sí bréan de na dánta traidisiún­ta cosúil le Faoiseamh a’ Gheobhadsa a dhéanann parthas den tuath agus a dhéanann beag is fiú den chathair. Faigheann sí faoiseamh faoin gcathair. Is dán cathrach é seo do ghlúin nua Gaeilgeoir­í atá ina gcónaí in áiteanna gnóthacha. Is breá léi gur áit ghnóthach, shalach, phlódaithe, thorrannac­h í an chathair lán le beocht agus le fuinneamh. Ní léiríonn sí an chathair mar áit idéalach, tá ‘allas’ le blaiseadh ann agus tá boladh gáis i ngach áit ach cuireann sé sin sceitimíní uirthi. Tá an chathair beo, lán le daoine atá ag maireachtá­il san ‘Aimsir Láithreach’.

Tuigeann sí nach féidir

‘luí na gréine’ a fheiceáil ‘i bhfairsing’ spéire’ ach ní chuireann sin as di mar tá an chathair lán le ‘soilse neon’ a thugann sólás di agus í uaigneach. Ní mhothaíonn an file uaigneach faoin gcathair ach a mhalairt - mothaíonn sí beo agus fuinniúil sa chathair.

Pointí tábhachtac­ha le tabhairt faoi deara i dtaobh an dáin seo:

• Is dán cathrach é an dán seo a dhéanann saol na cathrach a cheiliúrad­h.

• Tá uaigneas le feiceáil sa dán seo. Tá ‘cúinní coimhthíoc­ha’ i gcroí an fhile ach lasann siad le solas agus í faoin gcathair. Cuireann an chathair áthas agus

sceitimíní uirthi.

• Tá an dán seo lán le dóchas na hóige. Tá an file óg agus fuinniúil agus teastaíonn uaithi breith ar an saol os a comhair sa chathair mhór.

• Is dán bríomhar é an dán seo a léiríonn gur féidir rudaí dearfacha a aimsiú in áiteanna nach bhfuil chomh hálainn sin.

Gníomhaíoc­htaí

1. Léigh an dán Faoiseamh a’ Gheobhadsa ar líne agus cuir na híomhánna ann i gcomparáid leis na híomhánna in Filleadh ar an gCathair.

2. Lig ort gur tusa Máirtín Ó Direáin. Cum dán mar fhreagairt ar Filleadh ar an gCathair.

3. Scríobh aiste faoi thruailliú na gcathracha in Éirinn. 4. Samhlaigh gur gníomhaire taistil thú. Scríobh alt faoin gcathair atá léirithe sa dán Filleadh ar an gCathair, alt a mheallfadh turasóirí chun cuairt a thabhairt uirthi.

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland