Irish Independent - Seachtain

Inveirteab­raigh

-

In eagrán na seachtaine seo, féachfaimi­d ar ainmhithe beaga – na hainmhithe beaga sin a fheiceann tú ag snámhaíoch­t thart sa ghairdín, sna páirceanna agus i gclós na scoile. Bíonn eiteoigíní ar chuid acu; bíonn cosa ar chuid eile; ní bhíonn eiteoigíní ná cosa ar chinn eile. Tugaimid inveirteab­raigh orthu. Ní thaitníonn siad le gach duine – tá daoine ann agus b’fhearr leo seasamh orthu ná féachaint orthu. Cuirfidh na hainmhithe beaga seo ionadh ort nuair a fhoghlaime­oidh tú fúthu. Léigh leat, bain triail as na gníomhaíoc­htaí agus b’fhéidir go mbeidh tú in ann a thaispeáin­t do na daoine sin gur fiú aird agus meas a thabhairt ar na hinveirtea­braigh iontacha seo.

Tosóimid le roinnt fíricí ar an mbeach mheala – ceann de na hinveirtea­braigh is coitianta. Is feithidí iad beacha. Bíonn eiteoigíní agus 6 chos orthu. Cónaíonn siad i ngrúpa - tugaimid cóilíneach­t nó coirceog ar an ngrúpa sin. Bíonn máthair an áil i bhfeighil ar an ngrúpa agus tugann na beacha oibre aire di. Bíonn 30,000 beach oibre ina gcónaí in aon choirceog amháin. Is beacha baineanna iad ar fad. Chomh maith leo sin, bíonn cúpla céad beach fhireann ina gcónaí sa choirceog freisin. Tugaimid ladrainn orthu siúd. Cúplálann na ladrainn le máthair an áil. Beireann sí uibheacha chun beacha nua a chruthú.

Cad a bhíonn ar siúl ag beacha? Tiocfaidh tú ar bheacha in aon áit ina bhfuil bláthanna. Tugann siad cuairt ar bhláthanna chun dhá rud a ithe - neachtar milis agus pailín. Súnn na beacha aníos an neachtar agus bailíonn siad an pailín. Má fhéachann tú go géar ar bheach, b’fhéidir go bhfeicfidh tú cnapáin de dheannach phailín ar a cosa giobacha.

Eitlíonn na beacha oibre thart timpeall ag lorg an bhia is fearr. Nuair a thagann siad air, insíonn siad do na beacha eile cá bhfuil sé. Conas a dhéanann siad é seo? Tá taighde déanta ag saineolait­he ar conas a ‘labhraíonn’ beacha le chéile. Déanann beach rince a thuigeann na beacha eile. Nuair a dhamhsaíon­n sí thart i gciorcal, bíonn sí ag rá leis na beacha eile dul ag lorg bia. Nuair a dhamhsaíon­n sí i ndeilbh uimhir a hocht, insíonn sí dóibh cá bhfuil an bia. Sa choirceog, beathaíonn na beacha oibre na beacha óga leis an bpailín.

Déanann siad mil as an neachtar freisin – itheann na beacha óga í seo freisin. Déanann beacha eile cíor mheala chéireach chun an mhil a stóráil. Oibríonn na beacha le chéile go dian agus is féidir níos mó ná 40 kg meala a fháil ó choirceog in aon samhradh amháin. I rith an ama sin, tugann na beacha cuairt ar bhilliún bláth! Eitlíonn siad níos mó ná 3 mhilliún km – níos faide ná deich dturas ón domhan go dtí an ghealach. Ní haon ionadh go ndeir daoine ‘chomh saothrach le beach’. Is créatúir shuaimhnea­cha iad beacha. Ní chuireann siad cealg ach mar chosaint dóibh féin agus don choirceog. Má chuireann beach cealg ionat, fanann an chealg – atá ar nós chrúca – ionat agus faigheann an bheach bhocht bás. Fan amach uathu agus ní chuirfidh siad cealg ionat.

 ??  ?? Chomh saothrach le beach!
Chomh saothrach le beach!

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland