Hurlamaboc
‘Scigaithris ar an saghas saoil a bhíonn ag daoine saibhre i mBaile Átha Cliath atá sa sliocht seo ón úrscéal Hurlamaboc’. Déan plé ar an ráiteas sin.
Níl aon amhras faoi ach scigaithris nó aoir atá i gceist sa sliocht seo as an úrscéal Hurlamaboc. Teastaíonn ón údar, Éilís Ní Dhuibhne, saol ábharaíoch, folamh, neamhshubstaintiúil na gcarachtar atá ann a aoradh. Tugann an t-údar le fios go leanann muintir Albright agus lucht na comharsanachta saol éadomhain, gan substaint. Is iad an taispeántas agus léiriú an tsaibhris an dá chloch is mó ar a bpaidrín.
Tosaíonn an sliocht leis an gcaint ar fad faoin gcóisir. Tá Lisín agus Pól pósta le fiche bliain agus teastaíonn uathu é sin a cheiliúradh le cóisir mhór agus muintir uile na comharsanachta i láthair. Ní gnáthchóisir a bheidh i gceist, ach cóisir mhór a chosnóidh an t-uafás airgid. Faigheann Lisín an dara reoiteoir ar cíos chun an bia ar fad a bheidh ag teastáil don chóisir a choinneáil úr. Ordaíonn sí an t-uafás gloiní agus fíona ón siopa fíona. Déanann sí an teach a ghlanadh ó bhonn agus cuirtear péint nua ar na ballaí le haghaidh na hócáide. Beidh scoth an bhia á thabhairt amach i rith na hoíche. Braithimid mar léitheoirí go dteastaíonn ó Lisín agus ó mhuintir Albright iad féin a cheiliúradh os comhair an tsaoil. Tugtar le fios leis seo gur daoine féinspéiseacha iad. Léiriú saibhris eile atá le sonrú sa sliocht is ea an iomaíocht ó thaobh an fhaisin agus na colainne de.
Bíonn mná uile na comharsanachta, agus Lisín ach go háirithe, gléasta go péacógach de shíor. Féachann siad ar fad i bhfad níos óige ná mar atá siad. Ní chreideann an tUasal Mac Gabhann, ‘duine de na comharsana’, go bhfuil máthair Ruáin, Lisín, pósta le fiche bliain. ‘Tá an chuma uirthi gur cailín óg í’, a deir sé le Ruán, an mac is sine ag Lisín agus ag Pól. Ní fhágann aon duine de na mná seo an teach gan an fhoirfeacht a bheith bainte amach acu, ó thaobh na cuma de. Tá siad ar fad tanaí, faiseanta, néata, fionn agus dathúil. Braithimid go mbíonn síoriomaíocht ar siúl eatarthu. Fiú agus bruscar an tí á chur amach ar maidin acu, bíonn siad gléasta go hálainn ó bhaithis an chinn go bonn na coise. Mura nglacfá páirt sa taispeántas nó san iomaíocht seo, bheifí go mór in amhras fút. Níl aon spéis ag Eibhlín Ní Loingsigh ina leithéid de sheafóid agus ceapann muintir na comharsanachta go bhfuil ‘sise aisteach ar mhórán bealaí’. Deirtear linn go mbíonn mná uile na comharsanachta ‘gealgháireach’ de shíor freisin ach braithimid go mb’fhéidir gur cuid den chur i gcéill atá i gceist leis sin. Ní fhéadfadh aon duine a bheith gealgháireach an t-am ar fad.
Deirtear linn chomh maith go bhfuil Lisín agus na mná seo ar fad ina mbaill de mhóran clubanna. Arís eile, braithimid i gcás Lisín go dteastaíonn ón údar a rá linn go bhfuil Lisín ag ligean uirthi féin go bhfuil sí intleachtúil agus éirimiúil agus go bhfuil spéis dhomhain aici sa stair áitiúil, sa gheolaíocht áitiúil, sa litríocht áitiúil, sa gharraíodóireacht agus sna teangacha iasachta. Cuid eile den chur i gcéill atá i gceist anseo. Is í fírinne an scéil ná go bhfuil sí ina ball de na cumainn seo ar fad ar mhaithe leis an taispeántas arís. Tá sí díreach á dhéanamh chun cos a choinneáil leis na comharsana. Deirtear linn gur ball í de chlub ina bhfoghlaimíonn tú conas do theach a mhaisiú - ‘ ionas go mbeadh do chairde go léir ite le formad’. Tá mórán ráite i mbeagán focal sa líne áirithe sin sa sliocht. Deirtear linn chomh maith gur ball í Lisín de chlub a dhéanann ‘dea-obair ar son daoine bochta’ ach ag an am céanna bhí saibhreas mhuintir Albright infheistithe ag Pól ‘sa chaoi is nach raibh air mórán cánach a íoc’. Tadhg an dá thaobhachas atá i gceist anseo. Ba mhaith leis na daoine seo ar fad go gceapfaí fúthu gur daoine deasa, morálta iad agus gur deise agus gur fearr iad ná daoine eile. Níl ann ach cur i gcéill i ndáiríre. Is daoine santacha, féinspéiseacha, leithleacha iad a bhíonn ag tochras ar a gceirtlín féin agus is í aidhm an údair ná an méid sin a chur faoinár mbráid.
Taobh thiar den chur i gcéill ar fad, tuigtear dúinn go bhfuil deacrachtaí i dteaghlach Albright. Tá teannas éigin le brath sa chaidreamh idir Ruán agus Lisín. Tá grá aige dá mháthair ach cuireann sí ‘lagmhisneach air an t-am ar fad’. Ní thuigeann sé cén fáth go mbraitheann sé mar sin. B’fhéidir go mbraitheann sé faoi bhrú óna thuismitheoirí. Cuid eile den taispeántas atá i gceist ná go mbíonn páistí na ndaoine seo iontach ar scoil, spórtúil, sóisialta agus dathúil iad féin. Mura n-éiríonn leis na páistí an fhoirfeacht a bhaint amach ina saol féin, b’fhéidir go mbraitheann siad go gcaillfidh siad grá a dtuismitheoirí. Tá grá coinníollach ag a dtuismitheoirí dóibh. Chuirfeadh a leithéid de ghrá lagmhisneach ar aon pháiste agus mothaímid trua do Ruán. Aoir amach is amach atá sa saothar seo de chuid Éilís Uí Dhuibhne ar lucht an tsaibhris i mBaile Átha Cliath. Taispeántas nó seó atá i ngach rud a dhéanann siad. Is caoirigh iad a leanann an tréad agus níl aon smaointeoireacht neamhspleách dá gcuid féin ar siúl acu. Cuirtear é seo ar fad os ár gcomhair go soiléir sa sliocht seo as an úrscéal Hurlamaboc.
Gluais
scigaithris/aoir = satire neamhshubstaintiúil = unsubstantial lucht na comharsanachta = the neighbours an chomharsanacht = the neighbourhood an dá chloch is mó ar a bpaidrín = an dá rud is tábhachtaí, dar leo daoine féinspéiseacha = self-interested/egotistical people iomaíocht = competition foirfeacht = perfection ó bhaithis an chinn go bonn na coise = from head to toe cur i gcéill = pretence cos a choinneáil leis na comharsana = keeping up with the neighbours
Tadhg an dá thaobh = two-faced person
Tadhg an dá thaobhachas = being two-faced ag tochras ar a gceirtlín féin = looking after themselves/ number one grá coinníollach = conditional love smaointeoireacht neamhspleách = independent thinking
Gníomhaíocht
Scríobh alt gearr ar charachtar Lisín sa sliocht ón úrscéal Hurlamaboc. Cén ról atá aici sa scéal?