Irish Independent - Seachtain

Domsa sé bunús aon seaimpín ná go dtugann siad ar ais dúinne

- DÁITHÍ ÓSÉ

Gan oibrithe deonacha sa tír seo ní dheinfí aon rud. Sin ráiteas ginearálta gan dabht, ach nílim i bhfad ón gceart!

Ó thaobh spóirt do ní bheadh an CLG agus Cumann Pheil na mBan in ann feidhmiú.

Bhí sé go hiontach cloisint go raibh an LGFA chun aitheantas a thabhairt dóibh siúd a thugann a gcuid ama i gcónaí agus nach lorgaíonn aon rud ar ais.

De réir mar atáim ag éirí níos sine ní fheicim mórán de na daoine sin níos mó.

Ar chúis éigin tá an focal ‘deonach’ ag imeacht ón gcaint agus is trua é sin. Bíonn rud éigin á lorg ag daoine anois.

Bhí an oíche Ghradam seo ar siúl i bPáirc an Chrócaigh, áit iontach dos na gradaim seo dar liom.

Is mó seaimpín atá feicthe againn ar fad ar an bpáirc ghlórmhar seo, ach domsa sé bunús aon seaimpín ná go tugann siad ar ais agus go dtagann siad i gcabhair ar dhaoine eile agus ní nuair a bhíonn na ceamaraí orthu. Tá aithne againn orthu siúd a d’imir anseo agus a thug ar ais agus domsa siad seo na fíorsheaim­píní.

Ní bheadh aithne againn ar fhaighteoi­r na nGradam seo, cé gur Gradaim náisiúnta a bhí ann, bhí na Gradaim seo dírithe ar dhaoine áitiúla chomh maith le daoine a bhfuil éacht déanta acu ar bhonn Contae agus Cúige, idir óg agus aosta.

Sé Philip O’Hare ó Chontae an Dúin a insealbhaí­odh isteach sa ‘Hall of Fame’.

Bhí baint nach beag ag Philip le bunú chomhairle Uladh i bPeil na mBan in 1992 agus d’oibrigh sé go crua roimhe sin chomh maith, nuair ná raibh sé éasca an LGFA agus gan dabht an CLG a chur chun cinn i gContae an Dúin agus tá’s againn ar fad canathaobh agus ní gá dul isteach ansin inniu!

Bhí gradaim ar an oíche leis don gcóitseála­í scoile is fearr agus d’Oibrí Deonach Óg na Bliana mar aon le duais don Iriseoir Áitiúil. Fuair Edel Conway ón nDún Beag, i gContae an Chláir an duais mhór, Gradam Lulu Carroll, bean a d’imir le Laois agus a bhuaigh Craobh na hÉireann leo.

Cailleadh Lulu sa bhliain 2007 agus bhí sé go hiontach go raibh a muintir ann ar an oíche. Chun scéal fada a dhéanamh gearr, murach Edel Conway ní bheadh aon pheil na mBan in iarthar an Chláir!

Bhíos ag caint leis na daoine seo ag deireadh na hoíche agus bhíodar ar fad chomh sásta a bheith ann ar an gcéad dul síos agus cuid acu gan focail tar éis don LGFA gradam a bhronnadh orthu.

Ní rabhadar ag súil lena leithéid agus ní hin an chúis go ndeineann siad é.

Chuireas ceist orm fhéin ina dhiaidh sin, cad a dheinim fhéin go deonach?

Agus deinim ócáidí carthanach­ta ach tar éis a bheith ina dteannta siúd táim chun níos mó a dhéanamh.

Sin chomh hinspiorái­deach is atá na daoine seo!

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland