Cuir gaiste
Tagann inveirteabraigh áirithe amach san oíche nó nuair a bhíonn sé ag cur báistí. In áit dul amach sa dorchadas nó sa bháisteach, is féidir leat gaiste a chur chun breith ar na hinveirteabraigh seo. Is é an gaiste claise (pitfall trap) an ceann is fearr chun breith ar inveirteabraigh a bhíonn ag snámhaíocht thart.
BUNÁBHAIR:
• Próca nó cupán plaisteach
• Lián
• Dhá phúróg bheaga
• Clúdach nó cloch chothrom
• Bata agus ‘bratach’ chun do ghaiste a mharcáil
• Bosca agus formhéadaitheoir
TREORACHA:
1. Roghnaigh áit a mbíonn inveirteabraigh ina gcónaí, dar leat. Bí cinnte gur áit í nach gcuirfear isteach uirthi.
2. Bain úsáid as an lián chun poll a thochailt a bheidh mór go leor don phróca nó don chupán.
3. Cuir an próca sa pholl. Líon isteach an ithir thart timpeall air sa chaoi go dtitfidh na hinveirteabraigh isteach nuair a bheidh siad ag snámhaíocht thart.
4. Teastaíonn clúdach ón ngaiste. Coinneoidh sé na hinveirteabraigh istigh ach coinneoidh sé amach an bháisteach. Cuir dhá phúróg in aice le caol an phróca agus cuir an clúdach ar bharr (féach ar an léaráid). Bí cinnte gur féidir leis na hinveirteabraigh siúl faoin gclúdach tríd na bearnaí. 5. Cuir bratach sa talamh in aice leis an ngaiste – anois ní dhéanfaidh tú dearmad cá bhfuil sé!
6. Fág an gaiste ar feadh cúpla lá – déan é a sheiceáil gach lá. 7. Má bheireann tú ar aon inveirteabrach, cuir isteach i do bhosca é go cúramach. Breathnaigh air. Cuir ar ais é san áit ina bhfuair tú é nuair a bheidh tú críochnaithe.
PLÉIGH:
Ar rug tú ar aon inveirteabrach sa ghaiste nach bhfuair tú in aon áit eile? Cén fáth, dar leat?