Cé acu gnáthóg a thaitníonn le cláirseacha?
An bhfaca tú cláirseach riamh? An gceapann tú go dtaitníonn áiteanna taise (damp) nó tirime leo, áiteanna dorcha nó geala? Déan an ghníomhaíocht seo go bhfeicfidh tú.
BUNÁBHAIR:
• Bosca mór bróg le clúdach • Marla • Cairtchlár • Siosúr • Uisce
• Cláirseacha i mbosca beag
• Ithir thirim agus duilleoga ón áit ina bhfuair tú na cláirseacha
TREORACHA:
1. Bailigh cláirseacha agus cuir sa bhosca beag iad. 2. Greamaigh marla le bun an bhosca bróg.
3. Gearr amach ‘ballaí’ as an gcairtchlár agus greamaigh sa mharla iad. Déan 4 sheomra do na cláirseacha
(féach ar an léaráid).
4. Bí cinnte go mbeidh spás i lár an bhosca bróg sa chaoi gur féidir leis na cláirseacha bogadh ó sheomra go seomra. 5. Cuir ithir thirim agus duilleoga i gcúinní na 4 sheomra. 6. Cuir beagáinín uisce ar an ithir agus ar na duilleoga in dhá sheomra.
7. Gearr clúdach an bhosca bróg ina dhá leath. Cuir leath amháin ar an mbosca – beidh an taobh sin dorcha. Beidh an dá sheomra eile geal (féach ar an léaráid).
8. Tuar: Cé acu seomra is mó a thaitneoidh leis na cláirseacha? Cén fáth?
9. Cuir na cláirseacha go cúramach i lár an bhosca bróg. Fág iad ar feadh uair an chloig. Coinnigh súil orthu, ach ná cuir isteach orthu.
10. Tar éis uair an chloig, cuardaigh na cláirseacha. Comhairigh cé mhéad acu atá i ngach seomra. Beidh formhór na gcláirseach sa ghnáthóg is mó a thaitníonn leo. Cuir na cláirseacha ar ais taobh amuigh nuair a bheidh tú críochnaithe.
PLÉIGH:
Cé acu gnáthóg is mó a thaitin leis na cláirseacha?
An bhfuil an ghnáthóg sin cosúil leis an gceann ina bhfuair tú na cláirseacha taobh amuigh?