Úsáidfidh MI5 ‘dróin mhíleata’ chun sceimhlitheoireacht a chloí MI5 ag obair le harm na Breataine chun an chaoi – agus an tráth – a n-úsáidfear na huirlisí a chinneadh
Tá sé i gceist ag seirbhísí slándála na Breataine na dróin ‘chreachadóra’ is nuaí a úsáid ar an teorainn má thagann méadú ar an sceimhlitheoireacht i ndiaidh an Bhreatimeachta, a nochtann Seachtain inniu.
Tá MI5 ag obair le rannóg faisnéise Arm an Breataine atá lonnaithe in Sussex Shasana faoin gcaoi agus tráth a n-úsáidfí na dróin.
Tuigtear dúinn go bhfuil airm agus an trealamh faireachais is nua-aimseartha ar na dróin sin.
Deir an t-iarláimhseálaí gníomhairí Martin Ingram a bhíodh ag obair le hArm na Breataine go bhfuil plean na Breataine mura dtagtar ar chomhréiteach don Bhreatimeacht ag éirí níos soiléire.
“Ag deireadh an lae, má tá bonneagar teorann le cur ar ais mar gheall ar easpa comhaontaithe, chaithfeadh sé a bheith ar thaobh na Poblachta agus ní ó thuaidh,” a deir Ingram.
“Tá an Taoiseach ag dul thar fóir agus caithfidh sé géilleadh nó tá an baol ann go dtarlóidh Breatimeacht gan socrú a bheadh tubaisteach don Phoblacht.
“I bhfírinne, is iad na coirpigh eagraithe a bhainfeadh tairbhe ollmhór as a leithéid i bhfianaise calaois CBL agus is é an margadh aonair an t-aon chailliúnaí a bheadh ann i ndáiríre.
“Ach faoi chás gan socrú Boris ní chuirfidh sé bonneagar seiceála fisiciúil sa Tuaisceart, mar sin cuirfidh an tAontas Eorpach iallach ar an bPoblacht é a dhéanamh.”
Dúirt an PSNI an tseachtain seo
Is iad Máire Treasa Ní Dhubhghaill agus Conall Ó Máirtín a bheidh mar chaptaein ar na foirne agus beidh sé ar siúl gach Domhnach ag 20.30.
Má oibríonn sé do bhailte na hÉireann, cá bhfios ach go mbeidh sé in úsáid i gcoimhlintí eile ar fud an domhain.
Cad faoi Go Gasta: Breatimeacht?