Troid nua á lorg ag Katie Taylor, ‘Muhammad Ali’ dhornálaíocht na mban
Is í Katie Taylor an curadh domhanda i ndornálaíocht na mban ag dhá mheáchan éagsúla tar éis a bua sciliúil in éadan throdaí na Gréige, Christina Linardatou, i Manchain.
Éacht spóirt é seo a deineadh roimhe sa dornálaíocht ach níor tharla sé ach go hannamh. Beirt Éireannach ar éirigh leo seo a dhéanamh – Steve Collins agus Carl Frampton.
Níor éirigh le haon trodaí mná é a bhaint amach go dtí gur éirigh leis an trodaí ó Bhré Chulainn.
Rud níos mó ná sin atá déanta ag Katie don spórt seo ná go bhfuil sé ardaithe aici i súile an phobail sa tslí chéanna, d’fhéadfá a rá, agus a d’ardaigh Muhammad Ali/Cassius Clay an dornálaíocht sna 60idí agus sna 70idí.
Dar le go leor a bhí ag faire ar an mbabhta i Manchain, bhí an taispeántas a thug Katie chomh sciliúil is chomh hoilte sin go raibh sí ina máistir gan cheist ar an dtroid.
Anois tá sí ag lorg trodaí eile chun páirt a ghlacadh i mbabhta mór ar Lá Idirnáisiúnta na mBan sna Stáit Aontaithe in 2020.
Cé a thabharfaidh a dúshlán?