Comhrac na gcamán idir pobail tuaithe is chathrach
Dráma iomráiteach Béarla ab ea ‘Song of the Yellow Bittern’ nuair a léiríodh é den chéad uair ar ardán an Druid i gcathair na Gaillimhe siar sna 1990idí.
Ach tabharfar beatha nua don dráma seo faoi scannal gnéis a tharla ag tús an 18ú haois agus a raibh an Fuascailteoir, Dónal Ó Conaill, lárnach ann.
Tá an saothar á aistriú go Gaeilge anois in Sydney na hAstráile ag Taimín
De Bhaldraithe, chun go léireofar é ar ardán na Taibhdheirce i nGaillimh san earrach seo chugainn, tráth a mbeidh bliain Chathair na dTreabh ina ról Eorpach ag a tús.
Tá cliar de mhóraisteoirí na Gaeilge - Diarmuid de Faoite, Eoin Mac Diarmuda agus Tara Breathnach ina measc - le bheith faoi stiúir Maeliosa Stafford a stiúraigh an dráma in 1994.
Ní féidir linn fanacht!
Is iontach nuair a thagann pobal le chéile. Is minic a tharlaíonn sé seo tar éis tragóid éigin nó go minic chomh maith i gcomhair ócáidí spórtúla.
Bhí Cumann Naoimh Thomáis sa Ghaillimh i gcluiche ceannais na craoibhe san Iomáint agus sa Chamógaíocht ag an ndeireadh seachtaine. Bhí ócáid iontach againn sa chlubtheach ar an Aoine, oíche ‘suas don gcluiche’ mar a déarfá. Mise a bhí mar fhear an tí.
Bhí Sinéad Cahalan, Sheana Healy, Cyril Donnelan agus Cathal Murray ar an bpainéal agus bhí craic mhaith againn. Tuiscint nach beag acu ar an ndá chluiche agus cad a bhí le buachaint chomh maith.
Bhí ann ar an oíche agus seo uair eile go raibh na daoine ag teacht le chéile. Siad na daoine fhéin a bhailíonn na píosaí seo a bhíonn le díol ar an oíche. Tagann na píosaí ó chomhlachtaí áitiúla, mar sin téann an t-airgead ar fad ar ais go dtí’n club! Nuair a bhí seo ar fad déanta bhí cúpla deoch ag daoine agus ní raibh aon chaint ar aon rud eile ach an dá chluiche agus daoine ach ag an am céanna gach éinne ar an eolas ná beadh sé simplí.
Seo an chéad uair go
raibh na cailíní sa chluiche ceannais ag an ngrád seo. Chuadar chomh fada leis an gcluiche leathcheannais dhá bhabhta. Leis na himreoirí contae atá acu cheapas fhéin go raibh seans maith acu. Siad na Sáirséalaigh i bhí rompu agus bhí róláidir dóibh. Ba thrua sin, ach níl aon dabht ann ach go dtiocfaidh siad bhliain seo chugainn.
Níl aon ghrá caillte idir na Tomásaigh agus Cumann Liam Uí Mhaoilíosa ón gCathair. Bhíodar le chéile sa chluiche ceannais an bhliain seo caite nuair a tháinig na Tomásaigh amach ar bharr.
Níl aon dabht ann ach go raibh muintir an bhaile mhóir ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar na seaimpíní.
Is iontach an áit í Staid an Phiarsaigh lá chraobh an Chontae, seachas an trácht ag dul ann agus ag teacht as! Caithfidh tú cuimhneamh nach bhfuil ann ach trí pharóiste ag na an
Tomásaigh agus tá dheas den gCathair ag Cumann Uí Mhaoilíosa mar sin bhí slua ana-mhór ag muintir na Cathrach.
Bhí an t-atmaisféar iontach. Bhí buachaillí Uí Maoilíosa níos fearr sa chéad leath agus na Tomásaigh sa dara leath. Tháinig Fintan Burke isteach dos na Tomásaigh agus dhein sé ana-dhifríocht.
Bhí sé gortaithe le tamall agus ba é seo a chéad chluiche ar ais. Bí ag faire amach don ainm sin, níl sé ach ag tosnú!
Beidh na trí pharóiste seo againne mar cheann amháin go ceann tamall eile!