Mac an Bheatha – ach ní mar a chum Shakespeare!
An féidir leat é a shamhlú? An dráma iomráiteach Albanach úd a chum Shakespeare, an dráma nach luaitear a ainm os ard i measc aisteoirí ar eagla an mhí-ádha ach is banna ceoil punc iad na Cailleacha agus tá an seó ar fad i nGaeilge.
Seans go mbeidh mearbhall ort mar gheall ar an athrú draíochtúil atá tagtha ar an dráma ach nuair a chloiseann tú gur léiriú é seo de chuid Fíbín agus Philip Doherty á stiúradh, seans go mbeidh tuiscint níos fearr agat ar chúrsaí. Ón am a tháinig
Philip Doherty i réim mar stiúrthóir ealaíne Fíbín i gConamara i mí an Mhárta tá trí dhráma léirithe aige agus is é Mac an Bheatha a bheidh á léiriú sna Printworks i gcathair na Gaillimhe ón oíche anocht (Dé Céadaoin) go dtí Dé Sathairn. “Má théann sibh chuig an seó, tumfar sibh isteach i ngig shamhlaíoch le snáithe scéil ó dhuine de na scríbhneoirí is mó cáil a mhair riamh,” a dúirt Philip le
“Déantar dráma Éireannach den dráma Albanach seo agus an banna ceoil punc ‘Na Cailleachaí’ ag déanamh léiriú beo ar stáitse den anam dorcha atá ag Mac an Bheatha.”
Is cinnte go mbeidh sé difriúil leis an ngnáthléiriú ar an dráma ach cad a cheapfadh Liaimín?