Breatimeacht ina cheist mhór i dtoghchán na cinniúna don SDLP
D’fhéadfaí spiorad duine de na hÉireannaigh is uaisle riamh, John Hume, a athnuachan amárach agus a pháirtí ag iarraidh an suíochán a bhí aige in Westminster ar feadh os cionn fiche bliain a fháil ar ais.
D’fhéadfadh cath an SDLP le Sinn Féin treo an náisiúnachais amach anseo sa Tuaisceart a chinneadh – chomh maith le todhchaí an Bhreatimeachta.
Ní raibh ach 169 vóta idir iarcheannaire an SDLP, Mark Durkan, agus an Teachta Parlaiminte reatha, Elisha
McCallion as Sinn Féin, a sciob an suíochán uaidh in 2017 agus tá súil ag an gceannaire nua, Colm Eastwood, go mbronnfaidh muintir Dhoire an suíochán ar ais air amárach.
Agus tá súil aige freisin go gcabhróidh an Breatimeacht leis an suíochán a bhuachan, agus é ag gealladh go dtógfaidh sé a shuíochán agus go vótálfaidh sé i gcoinne an Bhreatimeachta. Ní ghlacfaidh an Teachta Elisha McCallion lena suíochán in Westminster, ach oiread le Teachtaí eile Shinn Féin.
“Tá frustrachas ar dhaoine nach bhfuil aon ionadaíocht againn in
Westminster, ó tharla go gcinnfear an Breatimeacht sa chéad pharlaimint eile in Westminster an tseachtain seo chugainn,” a dúirt Eastwood.
“Tá fearg agus frustrachas freisin orthu leis an DUP agus le Sinn Féin mar gheall ar an easpa rialtas áitiúil in Stormont.
COMHAONTÚ
Ceaptar go n-éireoidh le Claire Hanna ón SDLP suíochán Bhéal Feirste Theas a thógáil ón DUP, áit a bhfuil Páirtí na Comhghuaillíochta agus Sinn Féin tar éis a n-iarrthóirí a tharraingt siar mar chuid dá gcomhaontú
i gcoinne an Bhreatimeachta.
D’fhéadfadh beirt Teachtaí Parlaiminte náisiúnacha a thoghadh chuig Westminster – agus suíochán ó thógáil ón DUP ag an am céanna – difríocht an-mhór a dhéanamh má thoghtar parlaimint gan tromlach.
Dá bharr sin ar fad tá na toghcháin sa Tuaisceart amárach ar chuid de na toghcháin is spéisiúla le fada na lá.
Má éiríonn le ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain, Jeremy Corbyn, vóta ard a bhaint amach dá pháirtí d’ainneoin na bpobalbhreitheanna go dtí seo, d’fhéadfadh go mbraithfeadh todhchaí an Bhreatimeachta ar na 18 bpolaiteoir a thoghfar sa Tuaisceart amárach.
Ach mura n-éiríonn leis an SDLP aon Teachta Parlaiminte a thoghadh, d’fhéadfadh go mbeadh deireadh leis an bpáirtí a thóg Hume.