BRONNTANAIS BHREÁTHA DO NA GAEIL
Ar mhaith leat cabhair chun bronntanas speisialta a fháil don Ghaeilgeoir i do shaol um Nollaig?
Bhuel, táimidne anseo chun cabhrú leat féirín deas a aimsiú don chara speisialta nó do ghaolta a dthaithníonn an Ghaeilge leo.
FÉIRÍN DON BHFEAIRÍN
Is minic a bhíonn fir ag ceannach fo-éadaí do na mná - ach seo deis chun fo-éadaí a cheannach don bhfear i do shaol! Tá manaí deasa - agus dána - as Gaeilge ar na brístíní dathúla seo a d’fhéadfaí a chaitheamh am ar bith.
CÁ BHFUIL MO GHEANSAÍ?
An bhfuil Gaeilge agat? Ar mhaith leat geansaí? Níos fearr arís, ar mhaith leat Gaeilgheansaí? Nó hata deas teolaí leis an manna simplí, Tá Gaeilge Agam, greanta air? Tá réimse deas dathanna ar fáil do na hataí, t-léinte agus geansaithe ....