Nósanna na Nollag timpeall na hEorpa
Is breá lenár bhformhór an Nollaig. Braithimid gur tréimhse dhraíochtúil sa bhliain í. Déanaimid í a cheiliúradh ar ár mbealach speisialta féin. An méid sin ráite, áfach, tá nósanna comónta ag gach pobal ar domhan agus, ar ndóigh, tá ár gcuid nósanna comónta féin againn in Éirinn. B’fhéidir go lastar coinneal agus go bhfágtar ar leac na fuinneoige í i rith na Nollag. B’fhéidir go dtéann tú ar Aifreann Oíche Nollag nó maidin Lá Nollag. Tugaimid bronntanais dá chéile maidin Lá Nollag agus ansin itheann ár bhformhór turcaí, liamhás, bachlóga na Bruiséile, prátaí agus mórán glasraí eile nach iad, níos déanaí an lá céanna. Lá saoire poiblí atá i gceist le Lá Fhéile Stiofáin in Éirinn. Ligeann formhór de mhuintir na hÉireann a scíth ar an lá sin ach is iomaí duine anois a théann amach ag siopadóireacht agus iad sa tóir ar na margaí maithe Lá Fhéile Stiofáin. Nósanna coitinn atá sna cleachtais chomónta seo ar fad.
Cé go bhfuil athruithe beaga tagtha chun cinn le tamall de bhlianta anuas maidir le nósanna na Nollag, den chuid is mó bíonn na nósanna céanna ag muintir na hÉireann ar fad. An amhlaidh an scéal sa chuid eile den Eoraip, áfach? Cad iad na nósanna atá acu thar sáile? An ndéantar ceiliúradh ar thréimhse na Nollag ar an gcaoi chéanna? Cad iad na nósanna éagsúla Nollag sna tíortha difriúla? Tugaimis spléachadh anois ar chuid de thíortha na hEorpa, go bhfeicfimid conas mar a cheiliúrtar an Nollaig i gcéin ón mbaile.
Ar dtús, féachaimis ar an bPolainn. Tír mhór le daonra mór is ea an Pholainn. Déantar an Nollaig a cheiliúradh go príomha Oíche Nollag sa Pholainn. Bíonn béile mór groí acu ar a dtugtar Wigilia sa Pholainnis. Tosaítear ag ithe an bhéile nuair a bhíonn an chéad réalta le feiceáil sa spéir. Béile dhá chúrsa déag atá i gceist le Wigilia. Ag pointe éigin le linn an bhéile itear carbán. Is saghas éisc é an carbán. Is nós le muintir na Polainne a gcuid bronntanas a thabhairt dá chéile Oíche Nollag. Níos túisce sa mhí, ar an séú lá de Nollaig, Lá Fhéile Niocláis, a thugtar na bronntanais do na daoine óga.