DEA-SHEACHTAIN / DROCHSHEACHTAIN LE CHRIS GREENE
DEA-SHEACHTAIN: NA CLAMPÁLAITHE
Is contrárthacht iomlán mé, ach oiread lena lán daoine eile. Ar thaobh amháin, ba mhaith liom go rithfeadh an trácht laethúil i mo shaol gan aon deacracht, ar an láimh eile, áfach, táim ag súil go mbeidh mé in ann mo charr a pháirceáil áit ar bith ba mhaith liom, tráth ar bith ba mhaith liom, gan íoc as-náfiúía pháirceáil i gceart.
Sin an fáth go bhfuil clampálaithe ann. Léiríonn figiúirí a foilsíodh faoi 2019 gur clampáladh 127 gluaisteán in aghaidh an lae i mBaile Átha Cliath.
De réir mo ríomhaireachtaí géara agus neamhcháilithe féin, sin €3.7 milliún. Tá luach níos mó ag baint leis an tionscal clampála ná mar a cheap mé.
Féadfaimid píosa amháin deascéala a fháil ó na figiúirí seo, áfach, is é an t-am is dóichí a bheidh le clampáil ná 11am agus 12pm, agus sé Déardaoin an lá is dóchúla. Mar sin, bí níos cúramaí le linn na n-amanna sin, nó, d’fhéadfá páirceáil go dleathach. Pé ceann acu.
DROCHSHEACHTAIN:
JD SPORTS
Mar a luaigh muid le déanaí, tá borradh aisteach tagtha ar an bhfoirm ait seo de “méim” an phoblachtachais idirlín.
Agus The Wolfe Tones ag barr na gcairteanna lena leagan de
tagann an fhoirm osréalach de phoblachtachas na seachtaine seo ón gcomhlacht éadaí Sasanach JD Sports.
Is cosúil go bhfuil “tiocfaidh ár lá” ar lámh an mhainicín don gheansaí peile is déanaí i dTuaisceart Éireann.
Tá an mana litrithe go mícheart freisin mar “ticofaidh”. Baineadh an íomhá den suíomh gréasáin le ráiteas ó JD Sports ag rá go raibh siad “aineolach” ar an mana sa tatú.